Cloch Oghaim Cháisleán tSíomoin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Séadchomhartha Náisiúnta (304) is ea Cloch Oghaim Cháisleán tSíomoin (CIIC 47), suite gar de Chuan an Bhriotáis|, Contae Chill Mhantáin, Éire.[1]

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Cloch Oghaim Cháisleán tSíomoin suite le taobh bóthair ina luí droim in airde, 2.2 km siar ó thrá Bhaile na Carraige, ag 52°54′16″N 6°04′13″W / 52.904307°N 6.070199°W / 52.904307; -6.070199. Ritheann Potter's River 260 m ó dheas.[2]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Greanadh Cloch Oghaim Cháisleán tSíomoin tuairim is AD 350–550, agus áth-aimsíodh í sa bhliain.

De réir béaloideas áitiúil, thóg fathach Cháisleán tSíomoin suas an chloch lá agus chaith síos an cnoc í. Ba iad a ingne a rinne na scríoba. Deir scéal eile gur thóg fear an dúchais an chloch mar iarta. D' éirigh an Aos Sí feargach dá bharr agus chuir siad a chuid sceanra ag damhsa is ag gliogarnach. Tar éis seachtaine, chuir sé an choicís ar ais ina háit.[3]

Cur síos[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is leac é Cloch Oghaim Cháisleán tSíomoin le tomhas 150 × 48 × 20 cm, agus tá inscríbhinn Oghaim ar imeall amháin:

᚛ᚅᚓᚈᚐᚉᚐᚏᚔᚅᚓᚈᚐᚉᚉᚐᚌᚔ᚜
NETACARI NETA CAGI
Netacari nia Cagi

I measc léitheoireachtaí eile, tá NETACARI NETACAMI, QEVASARI QEVASAGI nó NETACARI SETACAGI.[4]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]