Clochán an Aifir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Clochán na bhFomhórach)
Clochán an Aifir

Is éard atá i gceist le Clochán an Aifir (Fuaim Clochán an Aifir) (Clochán na bhFomhórach), as Béarla, Giant's Causeway, ná 40,000 cloch atá suite i gContae Aontroma ar chósta Thuaisceart Éireann. Basalt atá i gceist leis na clocha: in Éirinn, is é Tuaisceart Éireann an réigiún is mó basailt in Éirinn. Cruthaíodh an Clochán ar fad nuair a d'fhuaraigh sruthán laibhe i ndiaidh dó brúchtadh amach as an talamh tuairim is 50 nó 60 milliún bliain ó shin. Tá Clochán an Aifir suite tuairim is trí chiliméadar (dhá mhíle) ó thuaidh ó bhaile Mhuileann na Buaise. Suíomh oidhreachta idirnáisiúnta agus Anaclann Náisiúnta Dúlra atá ann.