Clingireacht eagraithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Clingireacht eagraithe

Foirm clingireachta a shaothraigh Fabian Stedman i Sasana sa 17ú céad. Bíonn foireann clog i dtúr eaglaise, de ghnáth, agus gach ceann tiúnta go difriúil óna chéile. Clingtear iad in iomalartuithe éagsúla ionas nach bhfuaimnítear aon seicheamh (nó athrú) ar leith ach uair amháin. Foireann clingirí a dhéanann é seo. I bhfoireann 8 gclog ag clúdach an scála dhiatonaigh, is féidir 40,320 athrú ar leith a chlingeadh. Tógann cling de thimpeall 5,000 athrú timpeall 3 uair an chloig.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Clingireacht eagraithe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 144.