Jump to content

Cleamaire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ealaíona TaibhiúcháinCleamaire

Cleamairí ag dul sa dreoilín

Tá sé ina shean-nós in Éirinn go ndéanann daoine áirithe cuairt ar bhainis gan choinne gan chuireadh. Cleamairí a thugtar orthu sin, nó geamairí freisin.

Leasainm a thugtar ar na daoine seo ná "Mac soipín", nó sa Sacsbhéarla, "strawboys". Is as an aghaidh fidil a thugann siad orthu féin agus iad i mbun stocaireachta a thagann an t-ainm sin ó is gléasta i dtuí a théann siad thar bráid.[1]

Deoch an Dreoilín

Is traidisiún in Éirinn é, agus tá an Dreoilín á gceiliúradh sa Bhreatain freisin, go mór mhór sa Bhreatain Bheag. Bíonn go leor seó agus searmanais ag baint le ceiliúradh na féile seo. Téann "Lucht an dreoilín" ó theach go teach[2] (nó ó theach tábhairne go teach tábhairneǃ) ag déanamh ceoil in onóir an dreoilín, agus b'fhéidir ag bailiú airgid agus bia.[3] Iompraíonn an lucht ceoil, a chuireann seanéadaí nó clúdach tuí orthu féin, íomhá dreoilín nó dreoilín ina bheo i mbosca.

San am a chuaigh thart théadh scata buachaillí, is é sin fir nach bhfuil pósta, amach agus iad gléasta i mbréagriocht, agus chuirfidís an dreoilín marbh bocht i mbosca agus théadh siad ó theach go teach ag iarraidh airgid chun an dreoilín a chur sa talamh. Mura dtabharfadh bean nó fear an tí airgead nó dá maslódh siad lucht an dreoilín, d’fhéadfadh siad an dreoilín a adhlacadh i dtalamh úinéir an tí agus bheadh mí-ádh ar an duine sin ar feadh bliana.[4]

Cé nach bhfuil an traidisiún chomh láidir agus chomh feiceálach in Éirinn anois agus a bhí, tá daoine ann atá ag iarraidh an traidisiún a thabhairt ar ais arís.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Mícheál Ó Duibhir (1947). "Cleamairí". Béaloideas 17 (1/2): 290.
  2. "Lá an Dreoilín" (en). dúchas.ie. Dáta rochtana: 2021-03-28.
  3. "Lá an Dreoilín < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2021-03-28.
  4. Caoimhín Ó Cadhla (2024-12-21). "Lá an Dreoilín – An Páipéar" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024-12-22.