Jump to content

Clár na Leabhar Gaeilge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cuireann Clár na Leabhar Gaeilge, de chuid Fhoras na Gaeilge, tacaíocht ar fáil do scríbhneoirí, d’fhoilsitheoirí agus don phobal léitheoireachta i gcoitinne tríd na scéimeanna agus tionscadail seo a leanas:[1][2]

  • Scéim na Foilsitheoireachta Saothair ar ard-chaighdeán curtha ar fáil don phobal agus do léitheoirí Gaeilge
  • Scéim na dTionscadal Litríochta Deiseanna léitheoireachta trí Ghaeilge a chothú agus a éascú don phobal
  • Scéim na gCoimisiún Ciste coimisiúnaithe ar mhaithe le soláthar sásúil sna réimsí éagsúla léitheoireachta a chinntiú
  • An Scéim Meantóireachta Spreagadh agus deiseanna tacaíochta a thabhairt do scríbhneoirí i dtús a ré scríbhneoireachta
  • Scríobh Leabhar Deiseanna scríbhneoireachta agus léitheoireachta trí Ghaeilge a chothú do pháistí scoile

I dtuarascáil a foilsíodh ag deireadh na bliana 2023, moladh Comhchoiste Gaeilge an Oireachtais go n-ardófaí an maoiniú a chuirtear ar fáil d’Fhoras na Gaeilge chun Clár na Leabhar Gaeilge a chur i bhfeidhm go dtí an leibhéal a bhí i gceist in 2008 – €1.8 milliún – agus go dtiocfadh méadú air sin bliain i ndiaidh bliana. €1.36 milliún a chuirtear ar fáil don scéim sa bhliain 2024.[3]

Tá €2 milliún curtha ar leataobh don chlár foilsitheoireachta don bhliain 2026, an buiséad is mó riamh ag Clár na Leabhar Gaeilge.[4]

Féach freisin    

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Leabhair & Foilsitheoireacht" (ga-IE). Foras Na Gaeilge. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-11-09. Dáta rochtana: 2024-11-13.
  2. "Léitheoireacht & Foilsitheoireacht Archives" (ga-IE). Foras Na Gaeilge. Dáta rochtana: 2024-11-13.
  3. Pádraic Ó Ciardha (23 Lúnasa 2024). "‘Ní leor mar straitéis a bheith ag síormholadh lucht na leabhar Gaeilge’– ceannasaí Oireachtas na Gaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-13.
  4. Maitiú Ó Coimín (3 Nollaig 2025). "Buiséad €2 mhilliún ag Clár na Leabhar Gaeilge den chéad uair riamh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-12-03.