Clár fógraí Idirlín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Clár fógraí Idirlín

Saghas clár leictreonach fógraí a bhíonn ar fáil i líonraí cumarsáid sonraí, go príomha iad sin a cheanglaíonn institiúidí acadúla. Feidhmíonn an córas seo mar óstach d'fhógraí comhdhálacha is cruinnithe acadúla, páipéir theicniúla, agus fiú cláir bogearraí. De bhrí go bhfuil an tIdirlíon uiledhomhanda, léitear na fógraí ar fud an Domhain.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Clár fógraí Idirlín". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 142.