Cisealú
Cuma
Is éard is cisealú[1] ann ná próiseas ina leagtar amach ábhair de shaghas carraigeacha ina gcisil. Sa gheolaíocht, is próiseas nádúrtha é a tharlaíonn thar na cianta. Leagtar ciseal i ndiaidh cisil chomhthreomhair de charraigeacha. Is féidir na sraitheanna ciseal seo a iniúchadh, comhdhéanamh na gcarraigeacha i ngach ciseal a fháil amach, agus na hiontaisithe atá sáinnithe i ngach ciseal a thástail chun a n-aoiseanna a ríomh. Ba é Charles Lyell a thaispeáin den chéad uair conas seo a dhéanamh chun na réanna geolaíocha a leagan amach.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““cisealú” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-04-30.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Cisealú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 140.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |