Cisealú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cisealú

Próiseas ina leagtar amach ábhair de shaghas carraigeacha ina gcisil. Sa gheolaíocht, is próiseas nádúrtha é a tharlaíonn thar na cianta. Leagtar ciseal i ndiaidh cisil chomhthreomhair de charraigeacha. Is féidir na sraitheanna ciseal seo a iniúchadh, comhdhéanamh na gcarraigeacha i ngach ciseal a fháil amach, agus na hiontaisithe atá sáinnithe i ngach ciseal a thástail chun a n-aoiseanna a ríomh. Ba é Charles Lyell a thaispeáin den chéad uair conas seo a dhéanamh chun na réanna geolaíocha a leagan amach.