Cinedhíothú na gCambódach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCinedhíothú na gCambódach
Cineáldúnmharú líonmhar
autogenocide (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse17 Aibreán 1975 - 7 Eanáir 1979
Dáta na bliana1970í Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhAn Champúis Dhaonlathach, An Chambóid Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Chambóid Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí


Blaoscanna i Tuol Sleng, campa géibhinn i Phnom Penh

Tharla cinedhíothú na gCambódach le linn na mblianta 1975-1979 nuair a bhí Pol Pot agus na Ciméaraigh Dhearga i gcumhacht. Ach i ndáiríre, bhí an bharbarthacht i réim sa tír san am.

Príomhalt: Pol Pot
Iarsmalann Tuol Sleng

Tá sé ina ábhar conspóide i gcónaí cé mhéad daoine a fuair bás sa chogadh cathartha, i mblianta na Campúise Daonlathaí, agus i rith an chogaidh a d'éirigh idir Vítneam agus an Champúis Dhaonlathach sa deireadh.[1][2]

D'admhaigh an Champúis Dhaonlathach gur básaíodh trí mhilliún duine sna blianta 1975 agus 1979.

Pol Pot sa bhliain 1978
Grianghraf san Iarsmalann Tuol Sleng

Thug Ponchaud[3] le fios gur éag dhá mhilliún is trí chéad míle, iad siúd san áireamh, na céadta míle acu, a maraíodh sula ndeachaigh na Cumannaigh i gceann na tíre i ndiaidh do Phnom Penh titim leis na Ciméaraigh Dhearga.

Is é an meastachán a thug an Tionscadal um Chinedhíothú na Cambóide, Ollscoil Yale, ná milliún agus seacht gcéad míle. Ghlac eagraíocht idirnáisiúnta chosanta na gceart daonna, Amnesty International, leis go raibh milliún agus ceithre chéad míle ann, agus is é an uimhir a thug Roinn Gnóthaí Eachtracha na Stát Aontaithe ná milliún agus dhá chéad míle.

Grianghraf san Iarsmalann Tuol Sleng

Maidir le Pol Pot féin agus Khieu Samphan, agus iad ag déanamh a bheag den chinedhíothú is dócha, is iad na huimhreacha a tháinig uathu ná ocht gcéad míle (Pol Pot) agus aon mhilliún amháin (Khieu).

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Cambodian genocide" (as en) (2021-01-07). Wikipedia. 
  2. One of the more thorough demographic studies, conducted by Patrick Heuveline, also attempts to separate out violent civilian deaths from a general increase in mortality caused by famine, disease, working conditions, or other indirect causes. He does so by grouping deaths within different age and sex brackets and analyzing treatment of these age and sex groups by the Khmer Rouge and violent regimes in general. His conclusion is that an average of 2.52 million people (range of 1.17-3.42 million) died as a result of regime actions between 1970 and 1979, with an average estimate of 1.4 million (range of 1.09-2.16 million) directly violent deaths.
  3. François Ponchaud. ""Cambodia Year Zero"". www.goodreads.com. Dáta rochtana: 2021-01-07.