Jump to content

Cill Mhic Bhúith

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCill Mhic Bhúith

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 52° 18′ 22″ N, 7° 10′ 18″ O / 52.3061°N,7.1717°W / 52.3061; -7.1717
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Contae in ÉirinnContae Chill Chainnigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Logainm.ie27533

Is sráidbhaile, paróiste sibhialta agus baile fearainn é Cill Mhic Bhúith (uaireanta Cill Mochua) i ndeisceart Chontae Chill Chainnigh in Éirinn. Tugtar Kilmacow air as Béarla.[1] De réir an daonáireamh is deireanaí (2022) bhí 671 duine ina gcónaí sa sráidbhaile.[2]

Tíreolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an sráidbhaile suite timpeall 7km laisteas de Mhuileann an Bhata agus timpeall 8km lastuaidh de Chathair Phort Láirge. Bíonn sráidbhaile uachtarach agus sráibhaile íochtarach ann. Bíonn beagnach 1km idir an dá cheann. Téann an Abhainn Dhubh tríd an gceantar.

Tá dhá bhunscoil i gCill Mhic Bhúith. Bhí ceann amháin do bhuachaillí agus ceann eile do chailíní ach de bharr easpa daltaí rinne cónascadh idir an dá scoil. Sa lá atá inniu ann tá na ranganna ó na Naíonán Beaga go rang a dó sa tseanscoil do bhuachaillí agus na grúpaí ó rang a trí go dtí a sé sa tseanscoil do chailíní.[3]

Tá eaglais Chaitliceach tiomnaithe do Naomh Seanán[4] sa sráidbhaile uachtarach, le roinnt siopaí agus ionad pobail freisin. Tá oifig phoist lonnaithe i gceann amháin de na siopaí.

Tá ionad spóirt seanbhunaithe i gCill Mhic Bhúith le an-chuid áiseanna ar fáil, áit súgartha, páirceanna sacair agus iománaíochta, cúirt leadóige agus raon lúthchleasaíochta ina measc.[4]

Oidhreacht Tionsclaíochta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó dheireadh na 18ú haoise go dtí an 20ú haois bhí an-chuid tionsclaíochta sa cheantar. Tuairiscíodh ag deireadh na 19ú haoise go raibh 14 mhuileann i bhfeidhm i gCill Mhic Bhúith le uachtarlann (a bunaíodh sa bhliain 1898), dhá bhácús, íoclann, beairic phóilíní agus Halla Iberineach lonnaithe sa cheantar ag an am chomh maith.[4]

Tá Cill Mhic Bhúith nasctha leis an sráidbhaile Briotánaigh Saint-Thurien sa Fhrainc.

  1. ↑ “Cill Mhic Bhúith/Kilmacow | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. ↑ "City Population Kilmacow". Dáta rochtana: 24-02-2026.
  3. ↑ "Amalgamation". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-06-02. Dáta rochtana: 2026-02-24.
  4. 1 2 3 Turley, Comhairle Chontae Chill Chainnigh. "Kilmacow Masterplan".