Ciclipéid Yongle
Cuma
| Cineál | lèishū |
|---|---|
| Cárta innéacs | |
| Údar | údair éagsúla |
| Teanga | an tSínis |
| Foilseachán | ríshliocht Ming, 1408 |
| Tréith | |
| Seánra | ciclipéid |
Ciclipéid Shíneach den chineál ar a dtugtar "lèishū" ab ea an Chiclipéid Yongle (Sínis thraidisiúnta: 永樂大典; Sínis shimplithe: 永乐大典; pinyin: Yǒnglè Dàdiǎn). An tImpire Yongle a choimisiúnaigh an saothar sa bhliain 1403. "Canóin mhór Yongle" an chiall atá leis an teideal i Sínis. Cuireadh an chiclipéid i gcló sa bhliain 1408. An chiclipéid ghinearálta ba mhó riamh ar Domhan a bhí inti gur tháinig an Vicipéid ar an saol sna 2000idí.