Ciarraí Locha na nAirní
Cuma
(Athsheolta ó Ciarraige Locha na nÁirne)
Géag den dream Chiarraí ba ea Ciarraí Locha na nAirní (Sean-Ghaeilge Ciarraighe Locha na nÁirne), lonnaithe i gcúige Chonnacht, i lár oirthear Mhaigh Eo an lae inniu.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Meastar go raibh tuath amháin tráth ag trí Chiarraí na gConnacht – Ciarraí Aoi, Ciarraí Airtigh and Ciarraí Locha na nAirní – a scaradh le teacht chun cinn Uí Bhriuin sna 8ú agus 9ú haoiseanna.
Bhí Ciarraí Locha na nAirní suite sa bharúntacht den ainm Coistealaigh in oirthear Chontae Mhaigh Eo.
Sliochtaigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Faoin 12ú haois déag, bhí an sloinne Ó Céirín glactha agus príomh-rítheaghlach Chiarraí Locha na nAirne.[1] Lonnaigh géag amháin acu i gContae an Chláir sa 15ú haois. Tá géag eile le fáil i gContae Chiarraí.[2]
Tagairtí sna hAnnála
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ACM 1155.10: Fiacha, mac Cethernaigh Uí Cheirín, tigherna Ciarraighe Locha na n-Airne, d'écc.
- ALC 1210.14: Donnchadh Cairprech .H. Briain ... co Loch na n-Airne I Ciarraighe, & do ronsad crecha mora annsin
- ACM 1224.14: Mathghamhain mac Cethernaigh Uí Cérin tighearna Ciarraighe Locha na n-Airneadh d'écc.
- ACM 1266.6: Mathgamain mac Ceithernaigh Uí Ceirín tighearna Ciarraighe do marbadh la Gallaibh
- AC 1315.13:
- Imtusa[3] Maelruanaig Meic Diarmata ... ro aircestur o Sinaind co Caraid, ait a rabatur oirechta na Tri Ciarraigi .i. Ciarraigi Iartharach & Ciarraigi Moigi Ai & Ciarraigi Artig cona n-ellaigib uli & cona n-indilib
- Iomthúsa Maolrúnaigh Mhic Dhiarmada, ... rinne sé creach ón Sionainn go Caraidh, áit a raibh oireacht na dTrí Chiarraí, .i. Ciarraí Iartharach, Ciarraí Mhaigh Aoi agus Ciarraí Airtigh, lena n-eallaí agus a n-innilí uile
- AC 1316.3: atrochair ann Ruaidri h. Conchobair ri Condacht ... & Cormac Mac Cethernaig ri Ciarraigi
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Mayo Places: Their Names and Origins, Nollaig Ó Muraíle, 1985
- The Carneys of Connacht, Nollaig Ó Muraíle, in Sages, Saints and Storytellers: Celtic Studies in Honour of Professor James Carney, pp. 342–357, ed. Ó Corráin, Breatnach and McCone, Maynooth, 1989. ISBN 1-870684-07-9.
- Some Early Connacht Population Groups, Nollaig Ó Muraíle, in Seachas: Studies in Early and Medieval Irish Archaeology, History and Literature in Honour of Francis J. Byrne, ed. Alfred P. Smyth, Four Courts Press, Dublin, pp. 161–177, 2000. ISBN 1-85182-489-8.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Michael C. O'Laughlin, "The Book of Irish Families, Great & Small, lch. 164.
- ↑ Michael C. O'Laughlin, "Families of Co. Kerry, Ireland", lch. 87
- ↑ imthús (d), iomthúsa, maidir le, i dtaobh, ar eDIL