Ciarraí Airtigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Ciarraige Airtig)

Dream ársa lonnaithe i gConnachta na meánaoise ba ea Ciarraí Airtigh (Sean-Ghaeilge Ciarraige Airtig).

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar cheann de thrí ghéag Chiarraí ba ea Ciarraí Airtigh, suite in aice a chéile i lár na gConnacht, mar a bhí Ciarraí Aoi, Ciarraí Airtigh agus Ciarraí Locha na nAirní. Meastar go raibh tuath aontaithe acu siar scaradh é le teacht chun cinn Uí Briúin sna 8ú agus 9ú haoiseanna.

Cé gur éiginnte iad, déantar trácht orthu sna saothair Phádraig, i Leabhar Gabhála Éireann, sna naomh-sheanchais agus i n-annála Éireann. Meastar ámh raibh ach tionchar bheag acu ar stair na gConnacht.[1]

Bhí a gcuid críoch suite thart timpeall Tigh Baoithín (Loch Glinne inniu), i mbarúntacht Dún Gar, ach sínte amach thar pharóistí cóngaracha in-iar thuaisceart Ros Comáin, san áireamh An Caisleán Mór, Cill Cholmáin agus Cill na Manach.

Tagairtí sna hAnnála[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • AC 1315.13
Imtusa[2] Maelruanaig Meic Diarmata ... ro aircestur o Sinaind co Caraid, ait a rabatur oirechta na Tri Ciarraigi .i. Ciarraigi Iartharach & Ciarraigi Moigi Ai & Ciarraigi Artig cona n-ellaigib uli & cona n-indilib
Iomthúsa Maolrúnaigh Mhic Dhiarmada, ... rinne sé creach ón Sionainn go Caraidh, áit a raibh oireacht na dTrí Chiarraí, .i. Ciarraí Iartharach, Ciarraí Mhaigh Aoi agus Ciarraí Airtigh, lena n-eallaí agus a n-innilí uile

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Mayo Places: Their Names and Origins, Nollaig Ó Muraíle, 1985
  • The Carneys of Connacht, Nollaig Ó Muraíle, in Sages, Saints and Storytellers: Celtic Studies in Honour of Professor James Carney, pp. 342–357, ed. Ó Corráin, Breatnach and McCone, Maynooth, 1989. ISBN 1-870684-07-9.
  • Some Early Connacht Population Groups, Nollaig Ó Muraíle, in Seachas: Studies in Early and Medieval Irish Archaeology, History and Literature in Honour of Francis J. Byrne, ed. Alfred P. Smyth, Four Courts Press, Dublin, pp. 161–177, 2000. ISBN 1-85182-489-8.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Nollaig Ó Muraíle, 2000, lch. 168
  2. imthús (d), iomthúsa, maidir le, i dtaobh, ar eDIL