Ciaróg choirte an sprúis
| Ips typographus | |
|---|---|
| Taifead | |
| Sonraí | |
| Óstach | |
| Tacsanomaíocht | |
| For-ríocht | Holozoa |
| Ríocht | Animalia |
| Fíleam | Arthropoda |
| Aicme | Hexapoda |
| Ord | Coleoptera |
| Fine | Curculionidae |
| Géineas | Ips |
| Speiceas | Ips typographus (Linnaeus, 1758) |
| Ainmníocht | |
| An chéad ainm Laidine a bhí air | Dermestes typographus |
Is lotnaid í ciaróg choirte an sprúis (Ips typographus).[1]
In Éirinn tá eagla ann go ndéanfadh an chiaróg dochar do chrainnte sprúis go háirithe.[2] Go luath sa 21ú haois, bhí léirscrios déanta ag na feithidí ar limistéir foraoise ar fud na hEorpa.[3]
I mí na Nollag 2023 thug an Roinn Talmhaíochta le fios go raibh mianach amháin ciaróg neamhdhúchasach ar a laghad i ndeisceart Chontae an Chláir, an chiaróg phéine Monterey.[4][5] Ní fios cén chaoi a dtáinig an chiaróg seo, speiceas coimhthíoch ionrach b'fhéidir, an bealach uilig as Meicsiceo.
Sa bhliain 2024, bhí faitíos ollmhór in Éirinn ar lucht na gcrann roimh alpadh na ciaróige coirte.[6] Bhí moltaí curtha chun na Roinne Talmhaíochta go mb'fhéidir gur cheart an choirt a scríobadh de na crainnte atá á n-allmhairiú do thionscal an adhmaid, ar mhaithe le cothú agus gnáthóg a shéanadh ar aon chiaróg a thagann anall. Bhí srian curtha i bhfeidhm ag an Roinn, gan aon chrann a leagan ná a ghearradh i limistéir 10km² i ndeisceart an Chláir, gan fógra a bheith curtha agus cead a bheith faighte ón Roinn. Le Coillte an chuid is mó de na crainnte atá curtha i bhforaoisí sa gcontae ach tá riar acu freisin faoi úinéireacht phríobháideach.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Béarla: European spruce bark beetle
- ↑ "European spruce bark beetle" (as en) (2023-12-03). Wikipedia.
- ↑ 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2024-05-07). "Imní ar lucht foraoise i gCo an Chláir faoi chiaróg aduain" (as ga).
- ↑ "Monterey pine engraver" i mBéarla
- ↑ "Invasive pine bark beetle discovered in Co Clare" (en). www.farmersjournal.ie. Dáta rochtana: 2024-05-08.
- ↑ Joe Mag Raollaigh (2024-04-19). "Calls for log import suspension over beetle concerns" (as en).