Chuck Yeager
Jump to navigation
Jump to search
Píolóta a rugadh i Myra, Virginia Thiar ar an 13 Feabhra 1923 is ea Charles Elwood (Chuck) Yeager, agus an chéad phíolóta a bhris bac na fuaime nó luas na fuaime, is é sin a d'eitil ar luas forshonach, níos mó ná 340 m s-1 nó 1224 km u-1.
Roimhe sin, ní raibh na heolaithe cinnte go seasfadh aerárthach strus na toinne turrainge a tharlódh is bac na fuaime á shárú.
Fuair Yeager traenáil mar phíolóta troda ar dtús. Sa bhliain 1947 a rinne sé a éacht, in aerárthach taighde roicéad, Bell X-1A.
Sa bhliain 1953 d'éirigh le Yeager an churiarracht a shárú nuair a d'eitil sé an t-aerárthach céanna ag 2.5 oiread luas na fuaime (Mach 2.5).
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |