Christopher Froome

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is rothaí rásaíochta don Bhreatain Mhór é Christopher Froome, ar a dtugtar freisin Chris Froome, a rugadh ar an 20 lá Bealtaine 1985 i Nairobi i gCéinia. Mar bhall d'fhoireann Sky, bhuaigh sé an Tour de France ceithre huaire, sna blianta 2013, 2015, 2016 agus 2017, agus tá dhá bhonn cré-umha buaite aige sa triail ama sna cluichí Oilimpeacha, sna blianta 2012 agus 2016.