Christine Quinn
(2012) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 25 Márta 1966 58 bliana d'aois Glen Cove, New York |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Trinity |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | an Páirtí Daonlathach |
Polaiteoir Meiriceánach is ea Christine Callaghan Quinn, a rugadh ar 25 Iúil 1966 i nGlen Cove, Nua-Eabhrac. Ball den Pháirtí Daonlathach atá inti.
Bhí Quinn ina bhall de Chomhairle Chathair Nua-Eabhrac ó 2 Samhain 1999 go 31 Nollaig 2013. Bhí sí ina Ceannchomairle ar an Chomhairle ó 1 Eanáir 2006 go 31 Nollaig 2013. Ise an tríú duine a raibh an post cheannchomhairle aici, agus an chéad bhean agus an chéad duine aerach sa phost. Agus í ina ceannchomhairle, ba Quinn an tríú oifigeach ba chumhachtaí i gCathair Nua-Eabhrac, i ndiaidh an mhéara agus na habhcóide poiblí. Sheas sí do phost an mhéara sa bhliain 2013 mar chomharba ar Michael Bloomberg ach theip uirthi nuair a tháinig sí isteach sa tríú háit i réamhthoghchán na nDaonlathach.
Bhain Quinn céim baitsiléara amach i gColáiste Trinity in Hartford, Connecticut, sa bhliain 1988. Phós sí Kim Catullo sa bhliain 2012. Cónaíonn siad in Chelsea, i Manhattan, agus caitheann siad deirí seachtaine sa samhradh i dteach a cheannaigh siad in Bradley Beach, New Jersey.