Chris Yiu
Beathaisnéis | |
---|---|
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Cambridge |
Gníomhaíocht | |
Fostóir | Meta Platforms Institiúid Tony Blair Uber |
Suíomh gréasáin | yiu.co.uk |
Tá Chris Yiu ina Stiúrthóir Beartais Phoiblí do Thuaisceart na hEorpa le Meta, an comhlacht meiteachruinne sóisialta. Cruthaíonn Meta teicneolaíochtaí a chuidíonn le daoine teacht le chéile, pobail a aimsiú agus gnólachtaí a fhorbairt. Áirítear leis sin aipeanna sóisialta do scáileáin 2T, agus éispéiris thumthacha úra amhail réaltacht fhíorúil agus bhreisithe. Ina theannta sin, is stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin é le hInstitiúd Tony Blair, agus is comhairleoir é le hInstitiúid David Hume agus is iontaobhaí de chuid an Ghrúpa ENABLE é.
Roimhe sin, bhí sé i gceannas ar an bhfoireann idirnáisiúnta Teicneolaíochta agus Beartais Phoiblí le hInstitiúid Tony Blair, agus roimhe sin arís bhí sé ina Bhainisteoir Ginearálta leis an gcomhlacht Uber. Cuimsíonn a ghairm bheatha réimse leathan taithí san earnáil phoiblí agus phríobháideach agus le heagraíochtaí tríú earnála lena n-áirítear McKinsey & Co., Policy Exchange, SCVO, HM Treasury, agus an Oifig Comh-Aireachta.