Ceoldrámaí Hamburgacha caillte de chuid Händel

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Georg Friedrich Händel (1685 - 1759)

Ba i gcathair Hamburg na Gearmáine a bhí cónaí ar an gcumadóir Georg Friedrich Händel ón mbliain 1703 go dtí an bhliain 1706. Ní raibh ach ocht mbliana déag d’aois aige nuair a tháinig sé go dtí an chathair. Chum Händel ceithre cinn de cheoldrámaí le linn an tréimhse a chaith sé i Hamburg, cé nár tháinig ach ceann amháin de na ceoldrámaí sin – .i. Almira – slán anuas chugainn. Is iad Nero (Gaeilge: “Néaró”), Florindo agus Daphne (Gaeilge: “Dafnae”) na trí cheoldráma eile a chum sé nuair a bhí sé ann: Tá ceol an cheoldráma Nero caillte agus níl ach míreanna ceolfhoirneacha beaga den dá cheoldráma eile againn.

Do rugadh Händel i gcathair Halle na Gearmáine agus do fuair sé a luath-oideachas ceoil san áit chéanna. Bhí Händel ina orgánaí foirfe faoin uair gur fhág sé an chathair sin chun dul chuig Hamburg sa bhliain 1703. Do fuair sé post mar veidhleadóir leis an Oper am Gänsemarkt (Gaeilge: ‘Áras Ceoldrámaíochta Mhargadh na nGéanna’) i Hamburg, amharclann a raibh an-chlú uirthi ag an am. Ba ag an Oper am Gänsemarkt a chuir Händel eolas ar bhuntús chumadóireacht na ceoldrámaíochta, rud a tharla faoi thionchar beirte fear ach go háirithe: Rheinhard Keiser, stiúrthóir ceoil ag an Oper am Gänsemarkt', agus Johann Mattheson, a bhí ina chéad-amhránaí ann. Os rud é gurb iad píosaí de chuid Kheiser é féin a chuireadh an Oper am Gänsemarkt ar stáitse de ghnáth, ba é an seal a chaith Keiser ar shiúl ón Oper a thug a dheis do Händel. Chum an fear óg Almira agus Nero i ndiaidh a chéile, iad bunaithe araon ar leabhróga a scríobh Friedrich Christian Feustking. Ní raibh an oiread ratha ar Nero agus mar a bhí ar Almira agus níor cuireadh Nero ar stáitse arís tar éis dá chéad sraith, sraith a mhair trí léiriú, bheith críochnaithe. Níor léirigh an Oper am Gänsemarkt Florindo agus Daphne, na ceoldrámaí deireanacha a chum Händel i Hamburg sular fhág sé an chathair sa bhliain 1706 chun dul go dtí an Iodáil. Ceoldrámaí bunaithe ar leabhróga de chuid Heinrich Hinsch a bhí iontu agus samhlaíodh iad mar cheoldráma mór amháin.

Greanadh den Oper am Gänsemarkt ón 18ú haois.

Níl aon cheol againn sa lá atá inniu faoina bhféadtar a rá gur ón gceoldráma Nero a tháinig sé, cé go bhfuil an tuairim nochta ag daoine a bhfuil saineolas ar shaothair Händel acu go mb’fhéidir gur bhain Händel úsáid as ceol an cheoldráma sin i gceoldrámaí eile dá chuid, Agrippina (Gaeilge: Aigripíne) ach go háirithe – tá ceangail idir scéal Agrippina agus scéal Nero agus faightear cúpla duine de na pearsana ó Nero in Agrippina, leis. Tá míreanna ceoil ó Fhlorindo agus Dhaphne againn fós, cé go bhfuil an ceol gutha a ghabh leo caillte, agus baineadh úsáid as cúpla ceann de na míreanna sin i sraith cheolfhoirneach ar a ndeineadh taifead den chéad uair sa bhliain 2012.