Ceiba chodatii
Tacsanomaíocht | |
---|---|
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Malvales |
Fine | Malvaceae |
Géineas | Ceiba |
Speiceas | Ceiba chodatii Ravenna, 1998 |
Ainmníocht | |
Basainm | Chorisia chodatii |
Speiceas de chrann duillsilteach atá dúchasach d'fhoraoisí trópaiceacha agus fothrópaiceacha Mheiriceá Theas is ea Ceiba chodatii. Tá tamhan ata i gcruth buidéil aige ina stóráiltear uisce don séasúr tirim agus tugtar palo borracho air go háitiúil.
Cur síos
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is crann duillsilteach meánmhéide é Ceiba chodatii le tamhan ard, láidir, lom. Fásann sé go dtí thart ar 12 méadar in áirde, tá roinnt craobhacha tiubha ag barr an tamhain ata agus tá coróin chruinn. Tá an choirt réidh le hiomairí ingearacha agus roic chothroma. Tá clóraifill ann agus bíonn sé glas nuair a bhíonn sé óg agus in ann fótaisintéis a dhéanamh, ach éiríonn sé liath le haois. Tá sé clúdaithe le spíonta cónúla tiubha, adhmadacha. Tá na duilleoga malartacha palmatacha le cúig maothán agus imill fhiaclacha Tá na bláthanna mór, aonarach agus buíbhán le cúpla flioscaí corcra. Tá siad suas le 15 ceintiméadar ar fada le cailísí buí-uaine agus coróiníní foiséadach le cúig peitil méithe, ribeacha ceangailte ag an mbun. Is capsúl mór fada glas é na toradh. Nuair a bhíonn sé aibí scoilteann sé chun síolta dubha a nochtadh timpeallaithe ag mais snáithíní bána cosúil le cadás.
Dáileadh agus gnáthóg
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Ceiba chodatii dúchasach d'fhoraoisí na Bolaive, réigiún Chaco i bParagua agus Sléibhte Píodmant in iarthar na hAirgintíne áit a bhfuil sé le fáil i gcoillearnacha atá tirim go séasúrach. Tagann bláthanna air idir Feabhra agus Bealtaine.
Éiceolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Le titim na hoíche, osclaíonn na bláthanna agus is dócha go bhfuil siad pailnithe ag na Sphingidae. Tá baill eile den ghéineas pailnithe ag sciatháin leathair ach is cosúil nach dócha go bhfuil sé seo fíor do Ceiba chodatii mar is beag neachtar a tháirgeann na bláthanna. Tugann dordéan (Trochilidae) cuairt ar na bláthanna freisin ach ach ní dhéanann siad teagmháil leis na hantair ná an stiogma. Ní tharlaíonn féinphailniú sa speiceas seo mar gheall ar fhoirm de fhéin-neamhréiteachta atá ag gníomhú go déanach.Tá an tamhan foiséadach ata le huisce á choinneáil ag an gcrann le húsáid sa séasúr tirim. Baineann pobal dúchais an Chaco úsáid as an uisce seo dá gcuid eallaigh agus úsáidtear an t-adhmad chun canúnna agus earraí a dhéanamh lena n-úsáid go laethúil. Fitear snáithíní as an stoc isteach i rópaí agus úsáidtear sleachta as an gcoirt le haghaidh súdaireachta agus mar ruaim.[1]
San Chaco tirim áit a bhfuil an crann seo le fáil tá coillearnacha spíonacha dlútha comhdhéanta de chrainn íseal agus sraith mheánach de Aspidosperma, Astronium, Schinopsis, Ceiba, agus Bulnesia. Tá an talamh cumhdaithe i bplandaí dealga, cuid acu le micrifillí agus cuid eile gan duilleoga, agus cachtais mar Cereus agus Stetsonia. Carnann roinnt plandaí mar Jacaratia uisce i dtiúbairíní.