Jump to content

Cearbhas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCearbhas
Carum carvi Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo decaraway seeds (en) Aistrigh agus caraway oil (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
RíochtPlantae
OrdApiales
FineApiaceae
GéineasCarum
SpeiceasCarum carvi Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753

Planda an-ghéagach bliantúil a fhásann 1 m ar airde é cearbhas[1] atá dúchasach don Eoraip. Na duilleoga roinnte go mion i maotháin chaola lansa-chruthacha. Na bláthanna iompartha in umbail 2-4 cm ar leithead, na peitil scothbhán, go domhain eangach. Na torthaí (na síolta cearbhais) 3-6 mm ar fhad, féitheach, le boladh láidir nuair a chomhbhrúitear iad. Úsáidtear na torthaí go forleathan mar spíosra, agus chun blas a chur le harán, cácaí is cáis. Is comhábhar riachtanach i licéar Kümmel na torthaí freisin.[2]

  1. “Carum carvi” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Cearbhas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 125.