Ceannas (géinitic)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ceannas

Sa ghéinitic, téarma a d'úsáid Mendel i 1866 chun cás a chur in iúl nuair a léiriónn ailléil amháin a hiarmhairt is a cheileann iarmhairt na hailléile eile. Mar shampla, nuair a bheirtear páiste d'fhuilghrúpa O do mháthair d'fhuilghrúpa A, ní mór go bhfuil géinte fhuilghrúpaí A is O aici. Ní féidir géin O a bhrath nuair a dhéantar tástáil ar tháirge na géine (an fuilghrúpa) sa mháthair mar go bhfuil géin A i gceannas, ach is féidir í a bhrath trí thástáil an DNA.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ceannas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 125.