Ceann bán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCeann bán
Gaeumannomyces graminis var. graminis Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtFungi
AicmeSordariomycetes
OrdMagnaporthales
FineMagnaporthaceae
GéineasGaeumannomyces
SpeiceasGaeumannomyces graminis
CineálGaeumannomyces graminis var. graminis Cuir in eagar ar Wikidata

Galar seadánach a ionsaíonn fréamhacha cruithneachta, eorna is seagail. Tarlaíonn cailliúintí móra dá bharr nuair a fhástar na barra tógálacha i ndiaidh a chéile ar an talamh chéanna. Cuireann an galar cosc ar na soithigh flóéime sna fréamhacha, rud a mharaíonn na plandaí nó a spreagann aibiú anabaí (cinn bhána) sa bharr. Is mó an seans go dtarlóidh an galar más alcaileach an ithir, agus má thiteann báisteach thar an ngnáth sa gheimhreadh roimhe sin. Chun smacht a chur air, is inmholta briseadh cúpla bliain idir barra cruithneachta nó eorna, 3 bhliain as a chéile de chruithneacht nó eorna ar thalamh ar leith a sheachaint, agus gan cruithneacht a chur díreach i ndiaidh eorna. Ní éiríonn le fungasnimheanna ina choinne.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ceann bán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 125.