Ceamara bosca

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ceamara bosca

Ceamara an-simplí a bhí an-suntasach ag tús an 20ú céad chun eolas is cleachtadh praiticiúil ar an ngrianghrafadóireacht a scaipeadh i measc an phobail. Bosca dronuilleogach, ag cuimsiú rolla scannáin fhótagrafaigh, cúlaithe le páipéar is castóir seachtrach chun an scannán a chur ar aghaidh. Lionsa amháin ann le fócasú fosaithe, agus comhla don nochtadh láithreach. Ceamara mar seo ab ea ceamara bunúsach Kodak a táirgeadh den chéad uair i 1888, agus an Box Brownie a tháinig ar an margadh i 1900.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ceamara bosca". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 124.