Ceallach, easpag Ard Mhacha
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1080 Éire |
Bás | 1 Aibreán 1129 48/49 bliana d'aois Ard Pádraig |
Easpag Caitliceach Ard Mharcha | |
23 Meán Fómhair 1106 – – Naomh Maelmhaedhoc Ó Morgair → Deoise: Deoise Chaitliceach Ard Mhacha | |
Ab | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Gníomhaíocht | |
Gairm | easpag Caitliceach (1106 (Féilire Ghréagóra)–), sagart Caitliceach (1105 (Féilire Ghréagóra)–) |
Tréimhse ama | Glúin an 12ú aois agus glúin an 11ú aois |
Ardú | |
Lá féile | 1 Aibreán |
Easpag ar Ard Mhacha agus leasaitheoir creidimh ab ea Ceallach, nó Celsus / Celestinus i Laidin agus Cellach of Armagh i mBéarla (1080 – 1 Aibreán 1129).[1][2] Ba leasaitheoir díograiseach é mar easpag.[3] D'éirigh Deoise Ard Mhacha níos tábhachtaí le linn a thréimhse mar easpag.[4][5]
Ceiliúrtar a lá féile ar 1 Aibreán.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Ceallach sa bhliain 1080 i gContae Ard Mhacha.[6] Shíolraigh sé ón uasaicme ann. Ina theannta sin, bhí muintir Cheallach, na Siniaigh (nó Siniaich nó Sínnaig), i gcumhacht ar an "deoise" (nó dúiche ag an am). Bhí a athair ina ab ar Ard Mhacha ó 1074 go 1091 ach níor oirníodh ina shagart é. Teaghlach mór le rá sa pholaitíocht ab ea muintir Cheallach is cosúil. Ansin bhí a sheanuncail, Domnall mac Amalgada, ina ab.
Ceapadh Ceallach mar ab ar Ard Mhacha é sa bhliain 1105 agus rinneadh sagart de. I gcodarsnacht leis an traidisiúin teaghlaigh, duine spioradálta a bhí ann. Chuaigh an leasú eaglasta a bhí faoi lánseol sa Mhumhain san am sin go mór i bhfeidhm ar Cheallach, is cosúil.
Easpag agus leagáid
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nuair a d’éag Easpag Ard Mhacha de bharr “shocrú fear nÉireann”, ardaíodh Ceallach ina easpag ar Ard Mhacha.
Ba é a bhí i gceannas an tSionaid leasaithigh a tionóladh i Ráth Bhreasail sa bhliain 1111.
Bás agus Tionchar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1129, le linn dó bheith ar cuairt tréadaireachta sa Mhumhain, shíothlaigh Ceallach in Ard Phádraig agus ar a iarratas féin, cuireadh i Lios Mór é.
Oirníodh Maolmhaodhóg Ó Morgair ina shagart é ag Ceallach Naofa sa bhliain 1119. Ansin thogh Ceallach é mar bhíocáire agus níos déanaí ina ab ar mhainistir Ard Mhacha.
Tar éis a bháis ar 1 Aibreán 1129,[1] toghadh Maolmhaodhóg ina easpag ar Ard Mhacha, ach ní raibh sé in ann dul ann ar dtús toisc go raibh muintir Cheallach, na Siniaigh, fós i gcumhacht ann. Níos déanaí, ba leasaitheoir díograiseach é mar easpag, ar aon dul le Ceallach.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 "Saint Celsus of Armagh - Saint of the Day - April 1 Feast Day" (en-US). Catholic Daily Readings (2019-03-27). Dáta rochtana: 2021-04-01.
- ↑ "Saint Celsus of Armagh" (en-US). CatholicSaints.Info (2009-03-31). Dáta rochtana: 2021-04-01.
- ↑ "Naomh Ceallach, easpag: Aibreán 1 | Cumann na Sagart". www.cumannnasagart.ie. Dáta rochtana: 2020-04-01.[nasc briste go buan]
- ↑ Editor Staff (2017-04-01). "Saint Cellach of Armagh, Confessor - REGINA Magazine" (en-US). Dáta rochtana: 2021-04-01.
- ↑ "Apr 1 - St Ceallach (Celsus) 1080-1129" (en-US). Catholicireland.net. Dáta rochtana: 2021-04-01.
- ↑ Saint of Clairvaux Bernard (2019-12-02). "St. Bernard of Clairvaux's Life of St. Malachy of Armagh" (as en). Good Press.