Catharine A. MacKinnon (ollamh dlí)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Catharine A. MacKinnon
Catharine MacKinnon, May 2006.jpg
Saol
Eolas breitheMinneapolis, 7 Deireadh Fómhair 1946 (76 bliain d’aois)
NáisiúntachtStáit Aontaithe Mheiriceá
Muintir
AthairGeorge Edward MacKinnon
Oideachas
Alma materSmith College (en) Aistrigh
Scoil Dlí Yale
Ollscoil Yale
Stiúrthóir tráchtaisRobert A. Dahl
Teangachaan Béarla
MúinteoiríRobert A. Dahl
Gairm
Gairmdlíodóir, scríbhneoir, saineolaí dlí agus múinteoir ollscoile
FostóiríOllscoil Harvard
Scoil Dlí Harvard
University of Michigan Law School (en) Aistrigh
Ollscoil Michigan
Ollscoil Minnesota  (1982 -  1984)
Ollscoil York  (1988 -  1989)
Saothar iomráiteachFeminism Unmodified
Toward a Feminist Theory of the State
Only Words (en) Aistrigh
Duaiseanna
Daoine le tionchar air/uirthiAndrea Dworkin agus Martha Nussbaum
BallraíochtAcadamh Ealaíona agus Eolaíochtaí Mheiriceá

Dlíodóir agus scoláire dlí Meiriceánach is ea An tOllamh Catharine A. MacKinnonCaitríona Nic Fhionghuine (a rugadh ar 7 Deireadh Fómhair 1946).

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Law Library, University of Michigan.

Céimí de chuid Choláiste Smith (BA '69), Scoil Dlí Yale (JD '77) agus Ollscoil Yale (PhD '87) is ea í. Tá Ollúnacht Elizabeth A. Long sa Dlí i Scoil Dlí Ollscoil Michigan aici ó 1989.[1]

Rinne MacKinnon ceannródaíocht ar an gcoincheap gur gné den leatrom ar bhonn gnéis is ea ciapadh gnéis, agus is féidir sásamh dlí a fháil maidir leis. Agus é sin á dhéanamh, bhí MacKinnon freagrach as ceann de na nuálaíochtaí is suntasaí i ndlí na Meiriceánach ó na 1960idí.[1]

Tá tionchar ag a cuid scoláireachta, a cuid dlíodóireachta agus a cuid gníomhaíochais in éadan na pornagrafaíochta agus an striapachais, cé go bhfuil an tionchar sin le feiceáil níos mó taobh amuigh de Stáit Aontaithe Mheiriceá ná taobh istigh de.

Sin an scéal, thar aon rud eile, maidir le "heiseamláir na Sualainne" i dtaobh an striapachais (a dhéanann coirpeach den té a a íocann as páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht ghnéasach le striapach nó a dhéanann brabús as, gan coirpeach a dhéanamh as an striapach féin.) Spreag an eiseamláir sin (atá i bhfeidhm i roinnt tíortha eile chomh maith leis an tSualainn) an fhoráil san tAcht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), 2017 a chuireann cosc, den chéad uair ar sheirbhísí gnéis a cheannach.

Chomh maith leis an tionchar ginearálta atá aici mar scoláire agus gníomhaí, mhúnlaigh MacKinnon an chonair ghairme a bhí ag roinnt céimithe dár gcuid go pointe áirithe, mar shampla An Dochtúir Méabh Ní Ruairc.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Catharine MacKinnon". Dáta rochtana: 2021.