Jump to content

Cathair na Stéige

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Cathair na Stéige
Íomhá
Sonraí
CineálLios
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae Chiarraí, Éire
Map
 51°48′19″N 10°00′57″W / 51.8053°N 10.0158°W / 51.8053; -10.0158
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir143

Is lios ársa i gContae Chiarraí é Cathair na Stéigean Stéig.[1] Tá sé suite trí mhíle siar ón tSnaidhm ar leithinis Uíbh Ráthach i gContae Chiarraí. Ceapadh go raibh an dún tógtha le linn na hIarannaoise, am éigin idir 300 agus 400 AD, mar dhúnfort cosantach i gcomhair rí nó tiarna áitiúil.

Tá sé seo ar cheann de na cathracha is mó; agus is breátha in Éirinn agus is dóigh gur i gcéadta luatha d'aois Chríost, sular tháinig an Chríostaíocht go hÉirinn, a tógadh í. Ní foláir nó go raibh taoiseach nó feirmeoir an-saibhir, a raibh géarghá aige le cosaint, ina chónaí inti.

Tá balla suas le 6m ar airde agus 4m ar leithead, a tógadh gan mhoirtéal, timpeall ar limistéar a bhfuil 30m de thrastomhas ann. Tá roinnt siúntaí atá beagnach os cinn a chéile le feiceáil sa bhalla, rud a léireodh, b'fhéidir, gur ina bpíosaí a rinneadh an chathair seachas in aon ghníomh leanúnach amháin. Trí phasáiste cúng le lindéir os a chionn a chuathas isteach sa chathair.

Is dóigh go raibh teach cónaithe theaghlach an úinéara; chuid dá ngardaí agus dá shearbhóntaí sa chathair agus go raibh an áit lán de thithe cónaithe, de thithe clóis, de phubaill, de champaí, agus de struchtúir shealadacha eile. Níl aon rian d'fhoirgnimh sa chathair inniu cé go bhfuil dhá sheomra bheaga istigh sa bhalla féin. Tá staighrí, cúl le cúl, ag dul suas go dtí barr an bhalla, ar an taobh istigh. Thug créfort agus díog timpeall na cathrach cosaint bhreise di.