Jump to content

Cath na Níle

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cath na Níle
Feachtas na Fraince san Éigipt agus sa tSiria de Chogaí Réabhlóideacha na Fraince
Cath na Níle

"Scriosadh an L'Orient ag Cath na Níle", le George Arnald, 1827, National Maratime Museum, i Greenwich, Londain, Sasana

Dáta: 1-3 Lúnasa 1798
Áit: Cuan Aboukir, Cúige na hÉigipte
Toradh: Bua na Breataine
Céilí comhraic
Ríocht na Breataine Móire An Chéad Phoblacht Fhrancach
Ceannasaithe
Horatio Nelson François-Paul Brueys d'Aigalliers
colspan="2" style="background: #b0c4de; text-align: center; display: none13 long chomhraic, 1 long chomhraic den cheathrú-ráta agus 1 slúpa comhraic"|Slua
13 long chomhraic, 1 long chomhraic den cheathrú-ráta agus 1 slúpa comhraic 13 long chomhraic, 4fhrigéad
Taismigh
Maraíodh 218
677 gortaithe
2,000–5,000 taismeach
gabhadh 3,000–3,900,
Scriosadh 2 long chomhraic
gabhadh 9 long chomhraic
scriosadh 2 fhrigéad.

Cath mór cabhlaigh ab ea Cath na Níle (ar a dtugtar Cath Chuan Aboukir;(Fraincis: Bataille d'Aboukir) a throid idir Cabhlach Ríoga na Breataine agus Cabhlach Phoblacht na Fraince ag Cuan Aboukir ar chósta na Meánmhara amach ó Dheilt na Níle (de chuid na hÉigipte) ón 1 go dtí an 3 Lúnasa 1798.

Ba chlabhsúr é an cath ar fheachtas cabhlaigh a bhí tar éis tarlú ar fud na Meánmhara i rith na dtrí mhí roimhe sin, mar a sheol conbhua mór Francach ó Thoulon go Cathair Alastair ag iompar fórsa brosnaíochta faoi Ghinearál Napoleon Bonaparte. Ba é Seachaimiréal Sir Horatio Nelson a threoraigh cabhlach na Breataine sa chath; bhuaigh siad go cinntitheach ar na Francaigh faoin Leas-Aimiréil François-Paul Brueys d'Aigalliers.

Rinne Bonaparte iarracht ionradh a dhéanamh ar an Éigipt mar an chéad chéim i bhfeachtas i gcoinne an Ardcheannais Bhriotanaigh, mar chuid d’iarracht níos mó an Bhreatain a ruaigeadh amach as Cogaí Réabhlóideacha na Fraince. De réir mar a thrasnaigh cabhlach Bonaparte an Mheánmhuir, bhí sé á lorg ag fórsa na Breataine faoi Nelson, a bhí seolta ón gcabhlach Briotanach san Tagus chun cuspóir na sluaíochta na Fraince a fhoghlaim agus chun an bua a fháil air. Chuaigh Nelson sa tóir ar na Francaigh ar feadh níos mó ná dhá mhí, agus arís agus arís eile ba bheag bídeach nach raibh siad aige ach cúpla uair an chloig. Bhí Bonaparte ar an eolas faoi shaothrú Nelson agus chuir sé rúndacht iomlán i bhfeidhm maidir lena cheann scríbe. Bhí sé in ann Málta a ghabháil agus ansin teacht i dtír san Éigipt gan a bheith sáraithe ag fórsaí cabhlaigh na Breataine

Le harm na Fraince i dtír, cuireadh cabhlach na Fraince ar ancaire i gCuan Aboukir, 32 km soir ó thuaidh ó Chathair Alastair. Chreid an Cheannasaí Leas-Aimiréil François-Paul Brueys d'Aigalliers go raibh seasamh cosanta láidir bunaithe aige. Tháinig cabhlach na Breataine as an Éigipt an 1 Lúnasa agus fuair siad cóirithe Bhrueys amach, agus d’ordaigh Nelson ionsaí láithreach. Chuaigh a longa chun cinn ar líne na Fraince agus roinneadh ina dhá roinn iad agus iad ag druidim. Gearradh ceann amháin thar cheann na líne agus rith siad idir na Francaigh a bhí ar ancaire agus an cladach, agus an ceann eile ag gabháil ar thaobh na farraige de chabhlach na Fraince

Gafa sa chroslámhach, bhí d'iallach ar longa cogaidh na Fraince géilleadh le linn cath fíochmhar trí uair an chloig, cé gur éirigh leis an lár an chéad ionsaí Briotanach a chur ó dhoras. De réir mar a tháinig fórsaí athneartaithe na Breataine chun cinn, rinneadh ionsaí athnuaite ar an lár agus, ag 22:00, phléasc long cheannaisan na bhFrancach L'Orient. Rinne rannán chabhlach na Fraince iarracht briseadh amach as an mbá, le Brueys marbh agus a urgharda agus a lár buailte, níor éirigh ach le dhá long chomhraic agus dhá fhrigéad, as 17 long a bhí rannpháirteach, éalú.

D'aisiompaigh an cath an staid straitéiseach idir fórsaí an dá náisiún sa Mheánmhuir agus threisigh sé an Cabhlach Ríoga sa riocht ceannasach a choinnigh sé don chuid eile den chogadh. Spreag sé tíortha Eorpacha eile freisin chun dul i gcoinne na Fraince, agus bhí sé ina fhachtóir nuair a thosaigh Cogadh an Dara Comhghuaillíocht. Bhí arm Napoleon gafa san Éigipt, agus chuir ceannas an Chabhlaigh Ríoga ó chósta na Siria go mór le treascairt na Fraince ag an Léigear Acre sa bhliain 1799 a tháinig roimh fhilleadh Bonaparte go dtí an Eoraip. Goineadh Nelson sa chath, agus fógraíodh gur laoch é ar fud na hEorpa agus ina dhiaidh sin rinneadh Barún Nelson de - bíodh is go raibh míshásta go príobháideach lena luach saothair. Bhí ardmholadh ag dul dá chaptaein freisin agus chuaigh siad ar aghaidh chun 'Nelson's band of brothers'a chruthú. Tá aird shuntasach an phobail ar fhinscéal an chatha fós ann, leis dán Casabianca a chum Felicia Hemans sa bhliain1826. an léiriú is cáiliúla.

Chuidigh bua Napoleon Bonaparte i dtuaisceart na hIodáile thar Impireacht na hOstaire le bua a fháil do na Francaigh i gCogadh an Chéad Comhghuaillíochta sa bhliain 1797, agus ba í an Bhreatain Mhór an t-aon mhórchumhacht Eorpach a bhí fós i mbun cogaidh le Poblacht na Fraince.[1] Rinne Stiúrthóireacht na Fraince imscrúdú ar roinnt roghanna straitéiseacha chun cur i gcoinne fhreasúra na Breataine, lena n-áirítear ionradh réamh-mheasta ar Éirinn agus ar an mBreatain agus méadú Chabhlach na Fraince chun dúshlán a thabhairt don Chabhlach Ríoga ar muir.[2] In ainneoin iarrachtaí suntasacha, chuir rialú na Breataine ar uiscí Thuaisceart na hEorpa na huaillmhianta seo míphraiticiúil sa ghearrthéarma,[3] agus d'fhán smacht daingean an Chabhlaigh Ríoga i bhfeidhm ar an Aigéan Atlantach. Mar sin féin, bhí ceannas ag cabhlach na Fraince sa Mheánmhuir, tar éis chabhlach na Breataine tharraingt siar tar éis an chogaidh idir an Bhreatain agus an Spáinn sa bhliain 1796.[4] Lig sé seo do Bhonaparte ionradh ar an Éigipt a mholadh mar mhalairt ar aghaidh a thabhairt go díreach an mBreatain, ag creidiúint go gcuirfeadh an cheannairc imeanach in Éirinn go mór isteach ar an Bhreatain nach mbeadh sí ábalta idirghabháil a dhéanamh sa Mheánmhuir.[5]