Cath Shliabh an t-Siorraim
Cath Shliabh an t-Siorraim | |||
Éirí Amach na Seacaibíteach, 1715. | |||
Cáth nó Blàr Sliabh an t-Siorraim | |||
---|---|---|---|
Dáta: | 13 Samhain 1715 | ||
Áit: | Sliabh an t-Siorraim, Siorrachd Pheairt, Albain | ||
Toradh: | Bua straitéiseach do Rialtais na Breataine Móire | ||
Céilí comhraic | |||
| |||
Ceannasaithe | |||
| |||
| |||
Taismigh | |||
|
Ba chath é Cath Shliabh an t-Siorraim (Gàidhlig: Blàr Sliabh an t-Siorraim; Béarla: Battle of Sheriffmuir) a tharla sa bhliain 1715 nuair a bhí Éirí Amach na Seacaibíteach i Sasana agus in Albain faoi lán seoil.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thionóil Iain Erskine, an 6ú Iarla Mhàirr taoisigh na nGarbhchríoch agus ghairm Rí na hAlban de Shéamus Proinsias Éadbhard Stiúbhart (an "Sean-Éilitheoir") ar 6 Meán Fómhair. Tar éis do Mhàrr arm de thart ar 12,000 fear a thógáil rinne sé ar Pheairt lena forghabháil, agus is gearr go raibh smacht aige ar an gcuid is mó de thuaisceart na nGarbhchríoch.
Theip air fórsaí Iain Ruaidh nan Cath (Béarla: John Campbell), an 2ú Diúc Earra-Ghàidheal (a bhí i Sruighlea) a shárú, agus cuireadh ina luí air faoi dheireadh a arm a thabhairt ó dheas ar 10 Samhain. Chuir spiairí i bhfios d'Iain Ruaidh céard a bhí ar siúl ag Erskine, agus bhog sé a arm, thart ar 4,000 fear, go dtí Sliabh an t-Siorraim, in aice le Dùn Bhlàthain. Chuaigh an dá thaobh i gcath ar 13 Samhain.
Ní raibh toradh soiléir ar an troid, cé gur fhógair an dá thaobh gurb iadsan a rug an bua. Ach d'éirigh le Iain Ruaidh teacht roimh na Seacaibítigh agus chaill siad siúd a misneach, mar gurb iadsan ba threise i dtaca le líon fear de agus gur bhraith siad gur chóir dóibh an namhaid a shárú go hiomlán. Chaill fórsaí Mhàirr tacaíocht na Fraince agus na Spáinne, agus bronnadh "Capall Bán Hannover" mar shuaitheantas ar reisimintí an Rí.
Ar 23 Nollaig tháinig an Sean-Éilitheoir, agus é ar deoraíocht go dtí sin sa Fhrainc, i dtír ag Ceann Phàdraig i Siorrachd Obar Dheathain, cé go raibh a chúis beagnach caillte. Bhuail sé le Màrr i bPeairt, ach ní raibh siad in ann an t-arm misneach an airm a mhúscailt. Bhí arm Iain Ruaidh, áfach, lán de mheanma, agus ba ghearr gur thug sé a aghaidh ar an tuaisceart. Theith arm na Seacaibíteach chuig Monadh Rois i Siorrachd Aonghais, agus d'fhill an Sean-Éilitheoir ar an bhFrainc. Bhog a arm go dtí Ruadhainn i Siorrachd Obar Dheathain agus scaip.
An luchd-cogaidh
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Na Séamasaigh faoi cheannas Mhàirr, ag troid ar son Rí Séamas VIII na hAlban agus III Shasana
- Arm Rialtas na Breatainne, ar son Theach Ríoga Hanobhair, faoi cheannas Dhiúc Earraghaidheil.
Bhí timpeall 3,000 fear ag Diùc Earraghaidheil. Ach bhí timpeall 7,000 ag Màrr agus a bhformhór ina nGaeil, cé go raibh Gaeil in arm an rialtais freisin.