Cath Machias (1775)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCath Machias
Íomhá
Map
 44°41′04″N 67°22′59″W / 44.6844°N 67.3831°W / 44.6844; -67.3831
Cineálcath Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deBoston campaign (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse11 - 12 Meitheamh 1775
Dáta na bliana1775 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhMachias, Maine Cuir in eagar ar Wikidata, Maine, SAM Cuir in eagar ar Wikidata
TírThirteen Colonies (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata


Troideadh Cath Machias le linn Chogadh Réabhlóideach Mheiriceá ar 11-12 Meitheamh 1775, an chéad chath ar muir i gcogadh na saoirse.

Scúnar timpeall an ama seo

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1775, bhí gá ag na Sasanaigh le hadhmad chun beairicí a thógaint i mBoston. Chuir an tAimiréal Samuel Graves dhá bhád thráchta, Unity agus Polly, agus bád cogaidh HMS Margaretta á dtionlacan, ó thuaidh go Cuan Machias chun lastas adhmaid a bhreith ar ais. Chuireadar ancaire i gCuan Machias ar 9 Meitheamh 1775. Duine darbh ainm Moore a bhí ina chaptaen ar an Margaretta. Níor chuir éinne fáilte rompu.[1]

Cúpla seachtain roimhe sin, thóg muintir Machias an bhratach Betsy Ross[2] sa chearnóg, ag céiliuradh an troda a fearadh i Lexington, srl. Nuair a chonaic Moore an bhratach, tháinig colg air agus dúirt sé go ntógfadh sé an baile timpeall.

Chuaigh muintir Machias i gcomhairle le chéile agus shocraigh siad ar iarracht a dhéanamh ar an Margaretta a ghabháil. B’iad Maurice Ó Briain, Corcaíoch, agus a sheisear mac, Jeremiah, Gideon, John, William, Dennis agus Joseph, a bhí chun tosaigh sa bhfiontar seo.[1]

Faoi cheannas Jeremiah Ó Briain agus i ngan fhios dona Sasanaigh ghabh buíon fear an long Unity. Chuaigh timpeall dhá scór fear ar bord go fáilí. Shleamhnaigh Joseph Ó Briain ar bord. Ní raibh sé ach sé bliana dhéag agus bhí a athair tar éis a rá leis fan sa bhaile agus aire a thabhairt dá mháthair. Taobh amuigh de cúpla muscaed, ní raibh i bhfoirm arm ag na fir ach pící féir, tuanna agus bataí. É sin agus dóchas ard. Bhí rud eile ar a thaobh — eolas domhain ar an bhfarraige agus ar sheoltóireacht.[1]

Scaoileadar an bád agus ligeadar le sruth í. Máirnéalach críochnaithe ba ea Jeremiah agus thuig sé na sruthanna sa chuan. Chonaic an Margaritta an Unity ag teacht ina threo ach níor thug sé aon cheann di go dtí go raibh sé ródhéanach. D’éirigh le Jeremiah ceann cinn (bowsprit) an Unity a chur in achrann i seol mór an Margaritta. Dhreap na Meiriceánaigh ar bord. Mharaíodar Moore agus naonúr eile desna Sasanaigh. Maraíodh seisear Meiriceánach. Rinne Joseph Ó Briain cion fir sa troid agus tugadh claíomh Moore dó de bharr a chrógachta.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Barra Ó Donnabháin (2011-02-16). "Irish Column: HMS Margaretta agus na Brianaigh.". Irish Echo. Dáta rochtana: 2021-06-06.
  2. "Betsy Ross flag" (as en) (2021-05-29). Wikipedia.