Muscaed

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Arm tine trom, an t-arm cos-slua is tábhachtaí ó dheireadh an 17ú céad go dtí lár an 19ú céad, ceannasach i ré Napoléon. An cró mín béal-lódáilte, agus gá le cuid mhaith traenála len é a oibriú i gceart. Ní raibh sé cruinn, agus bhí gá le ranganna cruinnithe saighdiúirí lena scaoileadh i roiseanna ar ghearr-raon chun a bheith éifeachtach.