Cath Chnoc Dhongan
Cath Chnoc Dhongan | |||
Chogadh na hAon Bhliana Déag | |||
Bratach Chónaidhm na hÉireann | |||
---|---|---|---|
Dáta: | 8 Lúnasa 1647 | ||
Áit: | Cnoc Dhongan, Contae na Mí Éire | ||
Toradh: | Bua Pharlaimint Shasana | ||
Céilí comhraic | |||
| |||
Ceannasaithe | |||
| |||
| |||
Taismigh | |||
|
Tharla Cath Chnoc Dungan i gContae na Mí, in oirthear na hÉireann an 8 Lúnasa 1647. Coimhlint ghéar a bhí ann idir arm na Comhdhála Éireannaí agus Parlaimint Shasana le linn Chogadh na hAon Bhliana Déag.
D'idircheapadh arm na nÉireannach ar mháirseáil i dtreo Bhaile Átha Cliath agus scriosadh é. Cé gur ócáid é nach bhfuil mórán eolais air, fiú in Éirinn, bhí an cath an-fhuilteach (le breis agus 3000 marbh) agus bhí iarmhairtí polaitiúla tábhachtacha aige.
Scrios bua bParlaiminteoirí Arm na Comhdhála i gCúige Laighean agus chuir sé le titim chúis na Comhdhála agus concas na hÉireann ag Arm na bParlaiminteoirí sa bhliain 1649.
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Faoi 1647, bhí Comhdháil Chaitliceach na hÉireann ag rialú na hÉireann go léir ach amháin iamhchríocha na bParlaiminteoirí timpeall Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí agus lonnaíocht iargúlta Albanach i gCúige Uladh. An bhliain roimhe sin, dhiúltaigh siad conradh le Ríogaithe Sasanacha, ina ionad sin bhí siad i bhfabhar deireadh a chur leis na fórsaí Briotanacha a bhí fágtha in Éirinn.
I mí Lúnasa, bhí arm Laighean na Comhdhála faoi Thomas Preston ag iarraidh Baile Átha Cliath a bhaint ó garastún Parlaiminte Shasana faoi Michael Jones, nuair a d'idircheap na Maolchinn é agus bhí iallach orthu cath a thabhairt. Cheana féin, mháirseáil Jones 32 míle go Baile Átha Troim chun an garastún Parlaiminte ag Caisleán Bhaile Átha Troim a fhuaiscilt. Rinne Preston, a bhí ag leanúint gluaiseachtaí Jones, iarracht máirseáil ar Bhaile Átha Cliath sular fhill arm Jones, ach níor chlúdaigh sé ach 12 mhíle sular gabhadh é ag Cnoc Dungan, áit a raibh ar fhórsaí na Comhdhála cath a chur in eagar.
Troideadh an cath dhá mhíle ó dheas ó shráidbhaile Chnoc an Línsigh.