Casacht chonchró

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Casacht chonchró

Ionfhabhtú sa chonair uachtarach riospráide i madraí a chuireann tús le casacht gharbh neamhthorthúil. An-tógálach is forleathan i gconchróite lóistín is pónaí madraí sa samhradh. Baictéir is víris éagsúla a bhíonn mar bhun léi. Tagann an madra as uaidh féin de ghnáth, ach is fearr cóireáil a sholáthar dó. Tá vacsaíní ann a thugann roinnt cosanta, agus is inmholta madra a vacsaíniú roimh é a chur i gconchró lóistín.