Carthanacht Chlíodhna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ealaíona TaibhiúcháinCarthanacht Chlíodhna
Cineálsraith raidió Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Seánragreann Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta foilsithe8 Meitheamh 2023 Cuir in eagar ar Wikidata
Tír bhunaidhÉire Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: tt29939948 Cuir in eagar ar Wikidata

Sraith raidió ghreanndrámaíochta ar RnaG é Carthanacht Chlíodhna atá lonnaithe i siopa carthanachta i mbaile beag samhalta darb ainm Cur Siar. Bainisteoir sa siopa is ea Clíodhna agus í sa tóir sa tóir ar dhuais ‘Seamipín Shiopaí Carthanachta na hÉireann’ a bhaint amach. Ach tá siopa carthanachta eile trasna na sráide agus an aidhm chéanna aige, chomh maith le hiarchoirpeach atá tagtha chun an bhaile, rud a fhágann go bhfuil obair mhór roimh Chlíodhna an duais mhór a bhaint amach.

“Tá sé fada ó chuala mé sraith drámaíochta a bhí chomh greannmhar agus greann chomh géar agus chomh leanúnach.” Tristan Rosenstock ar An Cúinne Dána, RnaG.

Craoladh an tsraith ghrinn suímh 8 gclár go seachtainiúil ar Raidió na Gaeltachta, ón 8 Meitheamh 2023.

Clár grinn, ar an stíl chéanna le Father Ted a mhaítear, a bhfuil cumhacht dhrámata ann chomh maith, í Carthanacht Chlíodhna. Sa chliar tá Bairbre Ní Chaoimh, Donncha Crowley, Marcus Lamb, Áine Ní Laoghaire agus Eoin P. Ó Murchú. Ba iad comhbhunaitheoirí Pinch of Sult, Dorothy Cotter agus Cillian Ó Donnachadha, comhscríbhneoirí na sraithe ocht gclár. Is togra cómhaoinithe idir RTÉ agus Údarás Craolacháin na hÉireann (faoin scéim Fís agus Fuaim) í Carthanacht Chlíodhna.

Comhscríbhneoirí na Sraithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chomhléirigh Dorothy 19 n-eipeasóid uair an chloig de The Pickle and Kumquat Show ar East London Radio. Léirigh sí an gearrscannán White Rabbit agus réamhfhógrán bolscaireachta le haghaidh The EleventyFour Show.

Tá Cillian ag léiriú lena chomhlacht léiriúcháin Biscuits for Breakfast ó 2004 i leith. Áirítear lena léiriúcháin amharclannaíochta Aul Divina and Me, Hushabye Mountain, Naked Will, Gay and Confused, agus A Fit Wife For A Revolutionary. Léirigh sé Somewhere Under The Rainbow – The Liza Minnelli Story a bhuaigh gradam agus a comhléiríodh ina dhiaidh sin le Donal Shiels/Verdant Productions in Amharclann an Olympia i mBaile Átha Cliath agus a chuaigh ar chamchuairt idirnáisiúnta ansin, go Londain agus Féile Imeallach Dhún Éideann i measc láithreacha eile. Léirigh Cillian an gearrscannán The Parting Glass le Martin McNamara le deireanaí.

Mar thaibheoir i ndráma raidió RTÉ Mayday (buaiteoir Prix Europa), cheap sí an script leis an gcliar agus leis an stiúrthóir Veronica Coburn. I measc na saothar eile a scríobh sí, tá an gearrscannán White Rabbit, na gearrdhrámaí Plain Speak (London Irish Short Play Festival) agus In Confidence (Chelsea Theatre). Mar aisteoir, bhí Dorothy ar an stáitse agus ar an scáileán (The Savage Eye, Eipic, Scúp, Seacht) le blianta fada anuas in Éirinn i léiriúcháin Bhéarla agus Ghaeilge, lena n-áirítear go leor drámaí raidió le haghaidh RTÉ Drama On One.

I measc na saothar a scríobh Cillian, tá an ceoldráma buacach Somewhere Under The Rainbow – The Liza Minnelli Story (Amharclann an Olympia, Camchuairt sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn), Aul Divina and Me (Buaitear Ghradam Oscar Wilde don Scríbhneoireacht Nua), Bodach an Chóta Lachtna (Cóiriú, Ionad Ealaíon Bhéal an Mhuirthead), A Little Heart (Amharclann Scabhat Smock), agus Every Song Tells a Story (The Swan Theatre i Manchain).

I measc na saothar a stiúir Cillian tá A Little Heart – The Puppet Musical (Amharclann Scabhat Smock), Tóraíocht an Yummy Mummy (An Taibhdhearc), A Fit Wife for a Revolutionary (London Irish Centre, Amharclann Scabhat Smock) agus Bodach an Chóta Lachtna (Ionad Ealaíon Bhéal an Mhuirthead). I measc na saothar eile a stiúir sé tá Hushabye Mountain le Jonathan Harvey, Aul Divina and Me agus Somewhere Under The Rainbow - The Liza Minnelli Story a bhuaigh gradaim agus I Run, I Swim, I Sing, I Dive le Refractive Lens. Stiúir Cillian a chéad ghearrscannán le deireanaí, The Parting Glass le Martin McNamara.