Carraig Thuathail
Carraig Thuathail | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Mumhan | |||
Contae in Éirinn | Contae Chorcaí | |||
Daonra | ||||
Iomlán | 6,665 (2011) | |||
• Dlús | 4,327.92 hab./km² | |||
Tíreolaíocht | ||||
Achar dromchla | 1.54 km² | |||
Airde | 10 m | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Glaochód | 021 | |||
Eile | ||||
Logainm.ie | 1416572 | |||
Suíomh gréasáin | carrigtwohillcommunity.ie |
Is baile suite i gContae Chorcaí í Carraig Thuathail,[1] 12 ciliméadar soir ó chathair Chorcaí agus ceangailte le hIarnród Fo-uirbeach Chorcaí agus an bóthar N25.[2] Sa bhliain 2016, bhí 5,080 duine ina gcónaí ann. Tá Carraig Thuathail ar cheann de na bailte is mó fáis sa réigiún, agus mol do chuideachtaí cógaisíochta agus biteicneolaíochta.
Geilleagar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá áitreabh ag roinnt corparáidí ilnáisiúnta i bPáirc Ghnó an IDA laistiar den bhaile, lena n-áirítear GE Healthcare, Stryker, PAS Technologies, Merck Millipore, Abbott Laboratories, Gilead Sciences agus Rockwell-Proscon.
Tógadh roinnt forbairtí tithíochta i gCarraig Thuathail, lena n-áirítear Castlelake siar, agus Cluain Cairn. Tá Aldi i láthair i bhforbairt miondíola Chaisleán an Bharraigh, mar chuid d'fhorbairt Bhaile an Chaisleáin.
Déimeagrafaic
[cuir in eagar | athraigh foinse]Mar a bhí i ndaonáireamh 2016, bhí daonra de 5,080 ag Carraig Thuathail (2,510 / 49.4% fireann, 2,570 / 50.6% mná). I dtéarmaí creidimh, bhí an ceantar 79% Caitliceach, 10% reiligiún eile, 8% gan reiligiún ar bith, agus níor luaigh 3% aon rud.
Iompar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Iarnród
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá stáisiún traenach Charraig Thuathail stáisiún ar sheirbhís Iarnróid Fhobhailteach Chorcaí idir Mainistir na Corann agus cathair Chorcaí. Athraíonn paisinéirí le haghaidh Cobh ag an nGleanntán. Moladh dara stáisiún, Carraig Thuathail Thiar, chun freastal ar iarthar an bhaile, ar Pháirc Miondíola Fota, agus ar limistéar tionsclaíoch an IDA - ach ní dhearnadh dul chun cinn thar an gcéim pleanála.
Osclaíodh stáisiún traenach bunaidh Charraig Thuathail ar an 2 Samhain 1859, dhún sé do thrácht earraí ar an 2 Nollaig 1974 agus dhún sé go hiomlán ón 6 Meán Fómhair 1976. Osclaíodh stáisiún nua go hoifigiúil ar 30 Iúil 2009 i dtuaisceart an bhaile, le Park n 'Ride.
Bus
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá seirbhísí bus ann, lena n-áirítear bealach 261 ó Chorcaigh go Mainistir na Corann. Freastalaíonn bealaí bus 240, 241 agus 260 ar Charraig Thuathail chomh maith le naisc chuig Eochaill, An Geata Bán, Cluain, Baile Choitín agus An Aird Mhór.
Spórt
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tugtar tacaíocht mhaith don Chumann Lúthchleas Gael i gCarraig Thuathail. I measc na n-áiseanna atá ag an gclub áitiúil CLG tá giomnáisiam nua-aimseartha agus trí pháirc imeartha - dhá sholas tuile. Tá foireann iománaíochta sinsearach ag CLG Charraig Thuathail, a bhuaigh Craobhchomórtas Idirmheánach Chontae Chorcaí in 2007. In 2011 bhuaigh Carraig Thuathail an cluiche ceannais contae, an chéad uair ó 1918.
Tá club sacair ann freisin, AFC Aontaithe Carraig Thuathail, a imríonn ag Baile an tSaim, in oirthuaisceart an bhaile. Tá roinnt páirceanna imeartha agus seomraí feistis acu i mBaile an tSaim.
Ar na clubanna éagsúla atá gníomhach i gCarraig Thuathail tá Club Cispheile Glenmary, Club Badmantan Charraig Thuathail, club lúthchleasaíochta, Taekwon-do agus club leadóige.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, Carrigtwohill nó Carrigtohill
- ↑ “Carraig Thuathail/Carrigtohill | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.