Caroline Blake
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1835 Contae Thír Eoghain, Northern Ireland ![]() |
Bás | 23 Feabhra 1919 83/84 bliana d'aois Contae na Gaillimhe ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | bainisteoir óstáin, bean lóistín ![]() |
Teaghlach | |
Céile | Edgar Henry Blake (en) ![]() ![]() |
Páiste | Julia Emilie Martha Blake, Valentine Blake, Robert Attersoll Blake ![]() |
Athair | Henry Burke (en) ![]() ![]() |
Tiarna talún agus óstánaí i gConamara ba ea Caroline Blake née Caroline Johanna Burke (1835 – 23 Feabhra 1919). Bhí Blake go láidir ar son na hAontachta agus lucht an rachmais agus ní raibh aon ghean ag muintir Chonamara uirthi. Bhí piostal aici i gcónaí sna 1880-1890idí ar mhaithe léi féin a chosaint.

Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba de mhuintir na mBlácach Caroline Blake – tiarnaí talún a raibh úinéireacht ar chuid mhaith de Chonamara acu agus cáil na tíorántachta ag dul leis.[1]
Ag deireadh an 19ú céad bhí suas le 5,000 acra san eastáit a bhí ag Caroline agus beagnach an méid céanna tionóntaí ag iarraidh maireachtáil a bhaint as an talamh bocht sléibhe agus an cladach. Le teacht an Ghorta Bhig (1879) bhí drochbhail ar na tionóntaí céanna agus Caroline Blake ag déanamh neamhaird d’aon impí a rinneadh ar an gcíos a ísliú.
In 1880 nuair a chomhairligh Conradh na Talún do na tionóntaí gan aon chíos a íoc agus gan aon obair a dhéanamh dise, ba é a rinne sí ná os cionn 100 fear, bean agus páiste a chaitheamh amach ar thaobh an bhóthair.[1]
Nuair a tháinig Acht na dTiarnaí Talún agus na dTionóntaí isteach sa bhliain 1870, agus achtanna eile[2] in 1881, 1884, 1885 agus 1887, laghdaigh an reachtaíocht de bheagán an chumhacht a bhí ag a leithéid agus ní raibh ag Blake ach tosaí ar sheift éicint a chinnteodh teacht isteach níb fhearr di. Rinne sí óstánaí di féin agus d’oscail Teach Rinn Mhaoile.
“Our sympathies are naturally enlisted when we see a lady of rank having to enter upon a life of commercial activity’ a dúirt an Dublin Daily Express, ar an 8 Iúil 1884.
Faoi dheireadh agus í sna hochtóidí ní raibh aice ach an talamh a chur i lámha Bhord na gCeantar Cúng agus an teach a dhíol le Oliver St. John Gogarty. Sa mbliain 1917 cheannaigh Gogarty agus a bhean chéile Martha, arbh as Gaillimh í, an teach mór, Teach Rinn Mhaoile,[3][4] ó Caroline Blake.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 Mártan Ó Ciardha (20 Deireadh Fómhair 2024). "An file a bhuaigh bonn Oilimpeach, a d’imir do Preston North End agus a rinne scrúdú iarbháis Mhichíl Uí Choileáin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-10-21.
- ↑ "Land Acts (Ireland)" (as en) (2024-09-22). Wikipedia.
- ↑ "Renvyle" (as en) (2024-02-19). Wikipedia.
- ↑ "Rinn Mhaoile/Rinvyle" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2024-10-21.