Carol Cronin
Cuma
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | Contae Chill Mhantáin |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | ealaíontóir |
| Suíomh gréasáin | carolcronin.com |
Ealaíontóir as Cill Mhantáin í Carol Cronin, atá lonnaithe i gContae Chiarraí faoi láthair. Léirítear cumhacht na farraige agus síorathrú an Aigéin Atlantaigh ina cuid muirdhreach. Chaith sí seal ar an mBlascaod Mór agus i nDún Chaoin agus bhí tionchar aige sin ar a cuid peintéireachta. Taispeánadh ealaín dá cuid i mBaile Átha Cliath, Londain, Dusseldorf, Nua-Eabhrac agus áiteanna eile. Tá a gailearaí féin aici anois sa Daingean.