Carlina acaulis
| Tacsanomaíocht | |
|---|---|
| Ríocht | Plantae |
| Ord | Asterales |
| Fine | Asteraceae |
| Treibh | Cynareae |
| Géineas | Carlina |
| Speiceas | Carlina acaulis L., 1753 |
Planda bláthach ilbhliantúil déchotailéadónach, sa bhfine Asteraceae is ea Carlina acaulis (an feochadán geal). Bíonn an planda dúchasach sna réigiúin alpacha de chuid láir agus deiscirt na hEorpa.[1]
Tagann an t-ainm géinis acaulis ón fhocal [[an chiall atá leis sa Laidin ná 'gan ghas' nó chos'
Fásann na duilleoga spíonacha, liopacleiteacha i mbunróiséad thart ar 20 ar a thrastomhas. Táirgtear na bláthanna i mbláthcheann mór (suas go dtí 10 cm) de bhláthóga gealbhána gathacha thart timpeall ar dhiosca lárnach. Tá na bláthóga dioscóideacha feadánach agus dath buí-donn orthu. Chun an phailin, a chosaint, dúnann an ceann in aimsir fhliuch, feiniméan béaloidis a dhéanann fáistine ar sheal báistí. Bíonn an planda faoi bhláth idir Lúnasa agus Meán Fómhair.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Flora Europaea: Carlina acaulis, aisghafa 2008-01-21