Cara Dillon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCara Dillon

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith21 Iúil 1975
48 bliana d'aois
Dún Geimhin, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
NáisiúntachtÉireannach
Gníomhaíocht
Réimse oibreCeol tíre agus rac-cheol
Gairmamhránaí, ceoltóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1995 –
SeánraCeol traidisiúnta na hÉireann
TeangachaBéarla
UirlisCeol gutha
Lipéad ceoilRough Trade Records Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáincaradillon.co.uk Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: CaraDillonSings Last fm: Cara+Dillon Musicbrainz: 86cb3243-62c1-4b0c-aeb9-bc8502bba200 Songkick: 526621 Discogs: 299444 Allmusic: mn0001515471 Cuir in eagar ar Wikidata

Is amhránaí Éireannach í Cara Dillon (rugadh 21 Iúil 1975 in Dún Geimhin, Co. Dhoire). In 2001 rinne Dillon a shlí bheatha mar amhránaí aonarach a lainseáil in Éirinn, Albain agus sa Bhreatain le céad albam s'aici, Cara Dillon.

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tús (1991–1995)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is as ceantar mhór ceoil traidisiúnta Dillon. Ó bhí sí ina pháiste scoile bhíodh sí ag ceol go minic. D'fhoghlaim sí amhráin áitiúla ó mhúinteoirí agus ag céardlainn amhránaíochta a bhíodh ar siúil sa bhaile. Tig léi fosta an fhidil agus réimse feadóige a sheinm. Agus í 14 bliain d'aois bhuaigh sé duais amhránaíochta Éireann Uile ag Fleadh Cheoil na hÉireann.

In 1991 ghlac sé páirt i ngrúpa ceoil áitiúil, Óige, lena chairde scoile Murrough agus Ruadhraí Ó Catháin. Rinne an ghrúpa dhá chéirnín agus Cara mar ceoltóir acu. Rinne siad fosta cúpla camchuairt a dhéanamh in Éirinn, Albain, Sasain agus san Eoraip. Sa tréimhse seo cheol Cara le léithidí De Dannan, Phil Coulter agus Altan. D'fhág Cara in ghrúpa i ndiaidh cuireadh a fháil chun páirt Kate Rusby a ghlacadh ins an grúpa Equation.

Ráth (1995–2000)[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhág Cara Equation le baill eile den ghrúpa, Sam Lakeman (a bheadh mar fear céile aici sa todhchaí) de dheasca difríochtaí ceolmhar. Bhí aitheantas ar an bheirt mar Polar Star. Rinneadh cúpla albam a tháiféadadh in San Francisco, ach sa deireadh ní rinne Warner Music Group iad a fhoilsiú. Sa bhliain 2000 réitigh Dillon agus Lakeman nach raibh siad dul bheith ábalta an toradh cheart a thabhairt don chomhlacht agus scaoil siad a gcuid naisc leis an gcomhlacht ceoil. Sa bliain céanna, shínigh an bheirt conradh le Rough Trade Records.

Rough Trade Records (2001–2007)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thaifead Cara a chéad albam ins The Firs, teach tuismitheoirí Lakeman. Rinneadh cuid de a thaifeadadh i gContae Dún na nGall, Éireann. Rinne Lakeman an albam a léiriú agus rinne John Reynolds (Sinéad O'Connor, Damien Dempsey) é a mheascadh. Bá ábhar traidisiúnta an mhór-chuid den cheol. Foilsíodh an albam ar 16 Iúil 2001, agus gairm criticiúil aige. Chríochnaigh Dillon agus Lakeman 2002 le hard-meon agus iad pósta i mí na Nollag.

In 2003 tháinig Sweet Liberty amach. Bhí sé fiú níos mó ná a halbam dheireanach. D'imigh Cara go dtí An tSeapáin chun ardú céime a thabhairt don albam. Chomh maith, thaisteal sí le ceoltóirí eile a bhí páirteach i WOMAD. D'imigh an chúpla isteach sa stiúideo in 2004 chun an tríú a thaifeadadh.

Tháinig After The Morning amach ar 27 Feabhra 2006. Ghlac an Czech Philharmonic Orchestra, Martin Simpson, Mairtín O'Connor, Cathal Hayden agus Paul Brady páirt ar an dhlúthdhiosca.

Charcoal Records - 2008[cuir in eagar | athraigh foinse]

In Eanáir 2008, rinne Cara agus á ghrúpa ceoil DVD, The Redcastle Sessions, in Dún na nGall. Tháinig a chéad albam eile amach in Eanáir 2009, Hill of Thieves ar lipéad Dillon féin, Charcoal Records.

Eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

In 2006, cheol Dillon agus Iarla Ó Lionáird Mo Ghile Mear ós comhar 500 milliún duine ar fud na cruinne d'oscailt an Ryder Cup in Éirinn.

Teaghlach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh dhá mac (cúpla) Dillon agus Lakeman, Noah agus Colm Lakeman ar 17 Samhain 2006.

Diosceolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Albaim[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Cara Dillon (2001)
  • Sweet Liberty (2003)
  • After The Morning (2006)
  • Hill Of Thieves (2009)

Naisc Lasmuigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]