Cannú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cannú

Próiseas leasú bia, bunaithe ar steiriliú an bhia trí théamh i soitheach a shéalaítear roimh steiriliú nó díreach ina dhiaidh. Bhain Nicolas Appert (c 1750-1841) feidhm as i 1810 do bhia a séalaíodh i mbuidéil agus a téadh ansin. Ó 1839, áfach, úsáidtear cannaí as leatháin cruach tanaí stánaithe. Uaireanta cuirtear alúmanam nó plaisteach in ionad na cruach. Cuirtear líneáil chuí ar na cannaí a sheasann i gcoinne airíonna ceimiceacha na n-ábhar difriúil a chuirtear iontu. Próiseas an-uathoibríoch a bhíonn i gceist anois.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cannú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 113.