Camfar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Camfar

Is solad céiriúil, bán nó tréscaoilteach é Camfar, le boladh láidir aramatach. Is terpenóid é leis fhoirmle cheimiceach C10H16O.

Faightear é in adhmad an labhras camfair (Cinnamomum camphora), crann mór síorghlas a bhíonn ar fáil san Áis (ach go háirithe i mBoirneo agus Téaváin, dá bhrí sin a ainm ailtéarnach). Bíonn sé ar fáil i gcrinn gaolta eile sa teaghlach labhrach, ach go háirithe Ocotea usambarensis.