Jump to content

Calchló

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sampla de chalchló a rinne Fox Talbot i Sasana sna 1840idí

Foirm an-luath grianghrafadóireachta a bhfuair William Henry Fox Talbot paitinn uirthi i 1841 is ea an calchló.[1] Bhain sé feidhm as páipéar a bhí íograithe le hiaidíd airgid chun íomhá claonchló a táirgeadh.[2]

D’úsáid Fox Talbot páipéar brataithe le comhdhúile airgid agus ansin cuireadh i gceamara obscura é agus rinneadh é a nochtadh i solas. Ansin dhéantaí é a réaladh i níotráit airgid agus rinneadh an íomhá folaigh (folaithe), a bhí le feiceáil ar éigean, a chobhsú i mbróimíd photaisiam nó sóidiam tiasulfáit.[3]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, calotypeTalbottype
  2. Hussey, Matt (2011). "Calchló". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 110.
  3. Brian Cregan / nationalgallery.ie (2023). "Meán, Ábharthacht & Draíocht Grianghrafadóireacht i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-08-09. Dáta rochtana: 2026.