Calcalas difreálach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Calcalas difreálach

Sa mhatamaitic, is foréimse calcalais é calcalas difreálach, a scrúdaíonn na rátaí ar a n-athraíonn cainníochtaí.[1] Tá sé ar cheann den dá réimse traidisiúnta anailíse, an ceann eile is ea calcalas suimeálach - a úsáidtear go háirithe chun an t-achar faoi chuar a ríomh.[2]


Sa mhatamaitic, córas rialúcháin ina shamhlaítear incrimintí beaga ar athróg x is an t-athrú comhfhreagrach ar f(x) chun ráta athraithe f(x) a aimsiú. Rinne Newton saothar ar an mbealach oibre seo, agus scríobh Method of Fluxions (Modh na bhFloscthaí, 1671, ach níor foilsíodh é go dtí 1736). Leibnitz a d'fhoilsigh páipéir ar chalcalas den chéad uair, i 1684 is 1686. Fuarthas go raibh sé an-áisiúil in eolaíochtaí fisiciúla is eile chun cur síos ar ábhair is córais atá ag athrú. Sa 19ú céad chuir matamaiticeoirí eile, Cauchy, Weierstrass, Dedekind is eile, go mór leis an gcalcalas.[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Definition of DIFFERENTIAL CALCULUS" (en).
  2. "Definition of INTEGRAL CALCULUS" (en).
  3. Hussey, Matt (2011). "Calcalas difreálach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 110.