Caitlín Ní Chionnaith

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCaitlín Ní Chionnaith
Beathaisnéis
Breith9 Meán Fómhair 1897
An Seanchaisleán, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás22 Márta 1988
90 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiriseoir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata

Iriseoir Éireannach ab ea Caitlín Ní Chionnaith Napoli (Kathleen McKenna Napoli an Bhéarla; 9 Meán Fómhair 189722 Márta 1988).

Rugadh Caitlín Ní Chionnaith sa Seanchaisleán, Contae na Mí. Chaith sí seal gairid sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ach i mí Márta na bliana 1916 d'aistrigh a teaghlach go Rugby, i Warwickshire, áit a ndeachaigh sí ag obair mar rúnaí i ngnólacht innealtóireachta. Le linn di cuairt a thabhairt ar Bhaile Átha Cliath i samhradh na bliana 1919, chuaigh Ní Chionnaith go dtí oifigí Shinn Féin ar Shráid Fhearchair agus litir aici óna hathair d'Art Ó Gríofa á cur in aithne, agus ag rá go raibh sí ag iarraidh páirt a bheith aici i ngluaiseacht na saoirse.[1]

D'oibrigh Ni Chionnaith i mbiúró preasa Shinn Féin ar feadh an chuid eile dá saoire agus i mí na Samhna 1919 thosaigh sí ag obair le foireann fhoras bolscaireachta nuabhunaithe na Dála, an Irish Bulletin. D'oibrigh Ní Chionnaith freisin mar theachtaire rúnda don Dáil agus don IRA araon. Tar éis an tsosa chogaidh chuaigh sí ag obair le foireann rúnaíochta Chomh-Aireacht na Dála i dTeach an Ardmhéara, agus baint aici i gcónaí le foilsiú an Irish Bulletin do roinn poiblíochta na Dála.

I mí Dheireadh Fómhair 1921, ceapadh Ni Chionnaith ina bhall de thoscaireacht na hÉireann san idirbheartaíocht ar an gConradh agus í ag feidhmiú mar rúnai príobháideach don Ghríofach.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]