Caisleán an tSlaoda
![]() | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Caisleán | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Contae Loch Garman, Éire | |||
| ||||
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann | ||||
Aitheantóir | 429 | |||
Tháinig Caisleán an tSlaoda ar an bhfód ar dtús mar thúrtheach caol ceithre stór a thog clann Laffan sa 15ú haois. Tá an príomhsheomra ar an dara hurlár agus tá tinteáin agus garderobe (leithreas) ann. Tá an pasáiste isteach sa túr á chosaint ag "poll maraithe", i.e. poll san urlár os a chionn a lig don lucht cosanta leachtanna bruite agus rudaí eile a scaoileadh anuas ar éinne a tháinig ina "chuireadh-gan-iarraidh".[1]
Sa 16ú haois chuir muintir Laffan teach nua dhá stór leis an túr ar an taobh thoir thuaidh de. Ballaí táibhleacha a bhí ann, dála an túir, agus tá fuinneoga simplí greanta ar an gcéad urlár. Tá díon coirbéalach cloiche ar an gcuile a cuireadh leis an gcúl theas; b'fhéidir go mbaineann sé le tionscal an tsalainn a bhí faoi réim ag an tSlaoda sa 17ú haois.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ H. G. Leask (1951). "Slade Castle, Co. Wexford" (as En). The Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland 81 (2): 198–201. ISSN 0035-9106.
![]() | Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |