Teach Solais Rinn Duáin
Teach Solais Rinn Duáin | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Teach solais | |||
Foirgníocht | 13 haois | |||
Croineolaíocht | ||||
1972 | leictriúchán | |||
1996 | uathoibriú | |||
Tomhas | 35 () m | |||
Raon teach solais | 23 nmi | |||
Airde fócasach | 46 m | |||
Tréith solais | Fl W 3s | |||
Bonn | 115 | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Contae Loch Garman, Éire | |||
Suíomh | Rinn Duáin | |||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | An Mhuir Cheilteach | |||
| ||||
Gníomhaíocht | ||||
Oibreoir | Coimisinéirí Soilse na hÉireann | |||
Is é Teach Solais Rinn Duáin de theach solais meánaoiseach atá fós in úsáid i gContae Loch Garman. Is é an teach solais is sine ar domhan atá fós i bhfeidhm agus é os cionn 800 bliana d’aois. Bhí rabhchán tine ann ón 6ú haois, faoi chúram manach.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]An ridire cumhachtach William Marshall a thóg an teach solais idir 1210 agus 1230 chun longa a threorú chuig a chalafort sa Ros. D’fhéadfadh gur tháinig Marshal ar an smaoineamh chun túr solais a thógáil sa Mheánmhuir, cosúil leis an teach solais i Pharos in Alexandria, a d’fhéadfadh go bhfaca sé ar chrosáid chuig an Tír Bheannaithe. Tá dearadh an túir bunaithe ar chaisleáin chiorclacha a bhí coitianta sa Fhrainc, áit ar chaith Marshal neart blianta. Rabhchán de thine guail a bhí sa chéad solas go dtí gur cuireadh lampa a dhóigh ola míol mór ina áit i 1791. Ansin cuireadh soilse gáis ina áit sin i 1871 agus aistríodh go dtí soilse leictreachais i 1972. Rinneadh teach solais iomlán uathoibrithe de agus d’fhág an coimeádaí tí solais deireanach i 1996.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Turas Treoraithe i nGaeilge | Hook Lighthouse & Heritage Centre" (Ga). oldsite.hookheritage.ie. Dáta rochtana: 2021-10-19.