Jump to content

Caisleán an Phúca

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Caisleán an Phúca
Íomhá
Sonraí
CineálTeach daingnithe Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53° 13′ 51″ N, 6° 09′ 18″ O / 53.230939°N,6.15487°W / 53.230939; -6.15487

Fothrach caisleáin i Ráth Michíl, Co. Bhaile Átha Cliath, Éire is ea Caisleán an Phúca. Ceaptar gur thóg Peter Talbot an caisleán sa bhliain 1537, mar aon le caisleáin in aice láimhe ar an Pháil, chun cosaint a dhéanamh ar ionradh ó chlann Uí Thuathail.[1] Tagann an t-ainm ón spiorad béaloidis Ceilteach an ‘Púca’, rud a oireann d’fhinscéalta áitiúla go bhfuil an caisleán ciaptha.[2][3]

I 1690, líomhnaítear gur thug Caisleán an Phúca, dídean don Rí Séamas II agus do bhaill dá arm a bhí ag teitheadh tar éis dó a bheith treascartha ag Cath na Bóinne.[4]

I mí an Mheithimh 1867 d’imigh iníon de Sasanach áitiúil, Jane Eleanor Sherrard, gar don chaisleán tar éis di dul amach chun bláthanna a phiocadh dá bord dinnéir. Cé gur thosaigh na póilíní cuardach forleathan ar a son, níor aimsíodh riamh í. Ba é fear poist áitiúil an duine dearnach a chonaic í, a mhaígh go bhfaca sé í ag piocadh bláthanna lasmuigh den chaisleán.[5]

Is túr daingnithe 3 stór é Caisleán an Phúca.[6] Tá sé thart ar 10 méadar ar fad, 7 méadar ar leithead, agus tá airde 9 méadar ag an gcúinne thiar thuaidh. Tá an doras isteach sa bhalla thiar.[7] Laistigh den chaisleán tá staighre cloiche ag dul go dtí an chéad urlár agus fianaise de theallach,[8] cé nach fios go leor conas a d’fhéach an caisleán sular thit sé i bhfothrach.

  1. Ball. "A History of the County Dublin": 87. 
  2. Le Puck's Castle - Irish Castle • Go to Ireland.com” (en-us). www.go-to-ireland.com (2015-04-22). Dáta rochtana: 2023-09-05.
  3. Puck's”. www.irishstones.org. Dáta rochtana: 2023-09-05.
  4. Puck's Castle” (en). Atlas Obscura. Dáta rochtana: 2023-09-05.
  5. emmet (2014-07-10). “Puck’s Castle, Shankill. County Dublin 1500 - CURIOUS IRELAND” (en-US). curiousireland.ie. Dáta rochtana: 2023-09-05.
  6. Le Puck's Castle - Irish Castle • Go to Ireland.com” (en-us). www.go-to-ireland.com (2015-04-22). Dáta rochtana: 2023-09-05."Le Puck's Castle - Irish Castle • Go to Ireland.com". www.go-to-ireland.com. 2015-04-22. Retrieved 2023-09-05.
  7. Puck's”. www.irishstones.org. Dáta rochtana: 2023-09-05."Puck's". www.irishstones.org. Retrieved 2023-09-05.
  8. Puck's Castle” (en). Atlas Obscura. Dáta rochtana: 2023-09-05."Puck's Castle". Atlas Obscura. Retrieved 2023-09-05.