Caisleán Lios Cearúill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Is cosúil gur sa 13ú haois a tógadh Caisleán Lios Cearúill, agus síltear gur tiarna éigin de chuid na mBarrach ba chúis leis. Ba é Pilib de Barra an chéad duine dá mhuintir a chuaigh i dtreis i gCúige Mumhan; An Rí Eoin a dheimhnigh Uilliam, mac Philib, i seilbh thailte a athar sa bhliain 1206, agus bhí na Barraigh á nGaelú féin as sin amach.

An Rí Eoin (íomhá ó De Rege Johanne).

Sa bhliain 1625 fuair an Ridire Philip Perceval an caisleán trí fhoriamh agus trí choigistiú; chaill sé é sa bhliain 1642 ach fuair ar ais é, agus d'fhan an caisleán i seilbh a shleachta go ceann i bhfad.

Sa bhliain 1936 ainmníodh an caisleán mar Shéadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí, agus tosaíodh á dheisiú.

Múrtha agus Túir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an caisleán suite ar charraig i seascann lastuaidh de Lios Cearúill. Tá cearnóg istigh agus múrtha cosanta ina timpeall atá isteach is amach le cúig throigh is fiche ar airde agus timpeall cúig throigh ar dhoimhne ag a mbun. Tá ceithre thúr chruinne ann agus caoi réasúnta maith ar thrí cinn acu; bhí an tobar sa túir thiar theas, cé gur ar éigean atá a dhúshraith sin le feiceáil anois.

Tá na túir cúig throigh is fiche trasna amuigh agus tá a múrtha ocht dtroigh ar dhoimhne. Bhí an bealach isteach ar an gcéad urlár, agus staighrí bíseacha ag gabháil suas as sin go dtí urláir eile agus go dtí an cosán balla. As adhmad a rinneadh na hurláir. Tá trí pholl chúnga lámhaigh suite i spré leathan fuinneoige ag leibhéal an phríomhurláir sna túir atá fos ann, agus taispeánann roinnt coirbéal go mbíodh léibhinn ag gobadh amach ón uchtbhalla. Bhí airde urláir ag na túir ar na múrtha.

Tá dhá thúr eile ann agus cuma chearnach orthu. Tá an ceann is lú acu ar an taobh amuigh den mhúr thuaidh; tá ballaí an túir féin an-tiubh, seomra in airde ann agus boghta cruinn air, agus poll thíos ar cosúil le tobar nó carcair é. Tá staighre balla ag gabháil suas chun ardán an dín, agus doirse thiar agus thoir a thugann amach go dtí na cosáin bhalla thú.

Sampla de gheata crochta: cóimheáchain agus ullóga

Teach an gheata[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é teach an gheata an túr is mó, agus cuma air go mbaineann sé le leath thosaigh an 13ú haois, sular tháinig tithe geata dhá thúr san fhaisean. Téitear isteach trí bhealach boghta, agus dealraíonn sé go raibh geata crochta dhá throigh is fiche siar ón ngeata tosaigh agus geata eile sé throigh siar uaidh sin arís. Tá inse cloiche amháin fágtha den gheata úd. Ní féidir a rá anois an raibh droichead tógála ann, ach tá dhá poll "murdair" sa bhoghta díreach ar chúl an gheata thosaigh.

Is dócha gur tar éis 1500 a tógadh an chuid uachtarach den teach seo. Tá dhá urlar os cionn an gheata amuigh; boghta cruinn atá ar an seomra thíos agus bhí díon adhmad ar an seomra thuas. Tá tinteán faoi chumhdach sa seomra úd agus staighre síos curtha isteach go cliste sa bhalla thiar. Seomra mór atá ar an gcéad urlár - halla an chaisleáin, b'fhéidir. Tá staighre bíseach ag dul síos uaidh agus staighre eile ag dul suas ón bhfuinneog thuaidh chun gairéid.

Tá trí fhuinneog sa halla, spré leathan acu agus múnlú cíoma os a gcionn. Sa seomra thuas tá fuinneoga cúnga le feiceáil. Tá cloigeann síonchaite cloiche ar gach taobh den fhuinneog mhór os cionn na háirse thosaigh.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Tuarascáil H.J. Leask, M.R.I.A.(Cigire na Séadchomharthaí Náisiúnta)