Caisleán Chonaithe
Caisleán Chonaithe | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Caisleán | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Contae Chorcaí, Éire | |||
| ||||
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann | ||||
Aitheantóir | 240 | |||
Is túrtheach ón 16ú haois é Caisleán Chonaithe[1] atá suite in aice le Conaithe i gContae Chorcaí, Éire.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]16ú haois
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Caisleán Conaithe suite i gContae Chorcaí ar an Bhríde, craobh-abhainn den Abhainn Mhór, timpeall sé mhíle siar ó Tulach an Iarainn, Contae Phort Láirge. Tógadh é ar thalamh ar le Iarlaí Deasmhumhan é, rud a fuair siad sna 1460idí.[2] Do deonadh an talamh do Thomás Ruadh fitz Séamas Mac Gearailt, mac neamhdhlisteanach le Séamas Mac Gearailt, an 13ú Iarla Deasmhumhan. Cé gur dealraitheach gur tógadh é sa 14ú nó sa 15ú haois,[3] i ndáiríre ba é Tomás Ruadh a thóg é i lár an séú haois déag, idir 1560 agus 1561 is dócha.[4] James FitzThomas fitzGerald, ar a dtugtaí an Súgán Iarla, an duine deiridh de sna Gearailt do chomhnuigh i gCaisleán Conaithe.[2] Ghlac James FitzThomas ról ceannasach i gCogadh na Naoi mBliana, sular gabhadh é agus cuireadh i bpríosún é i dTúr Londan, rud a chuir deireadh le réimeas Iarlaí Deasmhumhain.[2]
17ú haois
[cuir in eagar | athraigh foinse]Gabhadh an caisleán ag James Tuchet, an 3ú Iarla ar Chaisleán an Chaisleáin sa bhliain 1645.[3] Sa bhliain 1653, dódh an caisleán i dtine thimpiste.[2]
19ú haois
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig an caisleán faoi chúram an stáit sa 19ú haois.[2] Ba é a bhronnadh ar Bhord Rialtais Áitiúil na hÉireann ó Alfred GK L'Estrange an chéad tiomnacht dá leithéid i stair an stáit.[5]
20ú haois - inniu
[cuir in eagar | athraigh foinse]I rith na 1980í agus na 1990idí, baineadh úsáid as Caisleán Chonaithe mar ionad ceolchoirme amuigh faoin aer. Dhún Oifig na nOibreacha Poiblí an caisleán don phobal in 2015 chun oibreacha athchóirithe a dhéanamh, agus tá sé dúnta fós ó Mhárta 2022. Tá polaiteoirí áitiúla tar éis labhairt amach in aghaidh fad a bhfuil sé dúnta.[6]
Ailtireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is caisleán de stíl teach túir é caisleán Chonaithe.[2] Tá sé cúig stór ar airde, agus slán den chuid is mó. Ar an taobh thiar thuaidh den chaisleán tá iarsmaí túr cúinne agus bábhún.[7]
Tuilleadh léitheoireachta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- "Conna Castle, County of Cork" (21 February 1835). The Dublin Penny Journal 3 (138): 268-269.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Caisleán Chonaithe/Conna Castle” (en). logainm.ie. Dáta rochtana: 2022-07-02.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 2.5 Hallinan 2017.
- ↑ 3.0 3.1 Coleman 1915a.
- ↑ Ó Murchadha 2011.
- ↑ Coleman 1915b.
- ↑ O’Riordan 2022.
- ↑ Keohane 2020.