Jump to content

Caisleán Charraig an Phoill

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Caisleán Charraig an Phoill
Íomhá
Sonraí
CineálTúrtheach Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
Léigear Chaisleán Charraig an Phoill
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinBéal Átha Longfoirt, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 52° 34′ 12″ N, 9° 29′ 39″ O / 52.569906°N,9.494058°W / 52.569906; -9.494058
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir349

Caisleán Charraig an Phoill suite ag béal na Sionainne. 'Cosantóir na Sionainne' a tugadh air mar gheall ar an áit straitéiseach ina raibh sé suite, ag breathnú amach ar na lánaí loingseoireachta a d'fhreastail ar chathair Luimnigh. Thóg Concubhair Liath Ó Concubhair an caisleán, de réir gach dealraimh, thart ar an mbliain 1490. Tá an caisleán déanta as túr amháin atá os cionn 24m ar airde. Le linn éirí amach Ghearóid Mhic Gearailt, 15ú Iarla Dheasumhan, daingníodh an caisleán le garastún de leathchéad saighdiúir Éireannacha agus sé shaighdiúir déag Spáinneacha a bhí tagtha go hÉirinn sa bhliain 1579. Rinne fórsaí an rialtais faoi William Pelham (an Tiarna Breitheamh) ionsaí ar an gcaisleán le linn na Cásca sa bhliain 1580. Tá cur síos sa traidisiún ar an léigear mar an chéad uair a úsáideadh cumhacht lámhaigh airtléire i gCiarraí. Ar an gcéad lá, thug Pelham ordú do na trúpaí dul trasna chuig an mballa farraige, áit ar cuireadh go talamh iad le lámhach agus ar caitheadh bolláin leo ó na forbhallaí. Ar an dara lá tháinig baill athneartacha an rialtais. Scoilt ballaí an chaisleáin nuair a bhuail cúpla caor ordanáis iad agus thit an balla thiar go talamh, ag bas

An caisleán inniu